Áis nua táirgeachta á oscailt i mBaile na Finne – 7 bPost Nua le cruthú

12 Iúil, 2010

nóiméad léite

D’oscail comhlacht Chathail Ó Cnáimhsí (Charles Bonner & Sons Ltd) as Bealach Féich, áis nua táirgeachta agus cóimeála ar Eastát Tionscail Údarás na Gaeltachta i mBaile na Finne, Co. Dhún na nGall inniu (12 Iúil 2010).

Soláthraíonn an comhlacht soirn chócaireáin ola agus breosla agus mar chuid de fhorbairt an ghnó tá ionad nua bunaithe aige i mBaile na Finne áit a dtáirgfear agus a gcóimeálfar na táirgí sin. Cruthófar 7 bpost nua mar thoradh ar an fhorbairt seo.

Ag labhairt dó ag oscailt oifigiúil na háise nua seo, dúirt An Dr. Joe Mulholland, Stiúrthóir Scoil Shamhraidh Mhic a Ghoill agus iar-phearsa na bliana Dhún na nGall “Tá áthas orm an t-ionad nua gnó seo a oscailt go hoifigiúil inniu. Molaim Cathal Ó Cnáimhsí agus a theaghlach as ucht an fhorbairt seo a dhéanamh ag am a bhfuil dúshláin go leor le sárú ag lucht gnó. Tá sár-cháil ar an príomhaí seo i gcúrsaí gnó cheana agus níl dabht ar bith agam ach go mbeidh an fiontar nua seo iontach tairbheach don cheantar áitiúil”.

Dúirt Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, go raibh lúcháir ar an Údarás a bheith ábalta cuidiú leis an chomhlacht ina chuid pleananna forbartha. “San aeráid atá ann faoi láthair, tá gach post nua a chruthaítear thar a bheith tábhachtach, go háirithe i mbailte beaga tuaithe ar nós Baile na Finne. Beidh toradh breisluacha ag an ghnó seo ar ghnóthaí eile áitiúla”.