Aird aniar is anoir á tarraing ag an Irish American Trading Company

Súil leis go gcruthóidh an Drioglann agus Ionad Cuairteoirí nua suas le 25 post ar Acaill

14 Meitheamh, 2019

nóiméad léite

John McKay, CEO of The IrishAmerican Trading Co, pictured on Achill Island where he now plans to distill his brand of whiskey.  Photo by Michael McLaughlin
John McKay, CEO of The IrishAmerican Trading Co, pictured on Achill Island where he now plans to distill his brand of whiskey.  Photo by Michael McLaughlin

Sheol an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Michael Ring, T.D., an áis nua-fhorbartha Drioglann Oileán Acla in Acaill ar an 14 Meitheamh 2019, áit ar oscail sé go hoifigiúil Ionad Cuairteoirí Dhrioglann Oileán Acla lonnaithe i bPáirc Ghnó Údarás na Gaeltachta i mBun an Churraigh, Acaill, Contae Mhaigh Eo.

Is iad an Irish American Trading Company a d’fhorbair an drioglann, le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta, agus tá sí ar an gcéad drioglann oileán-bhunaithe in Éirinn. Tá sé measta ag an gcomhlacht go gcruthófar suas le 25 post sa drioglann agus san ionad cuairteoirí nuair a bheidh sé faoi lánseoil agus ar lán-acmhainn táirgthe sna blianta beaga amach anseo. Beidh an t-ionad iontach seo do thurasóirí ina dhíol spéise nua do thurasóirí ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin i Maigh Eo agus tá fáilte á chur roimh an bhforbairt mar rud a chuirfidh borradh mór faoin gceantar.

John McKay, CEO of The IrishAmerican Trading Co, pictured on Achill Island where he now plans to distill his brand of whiskey. Photo by Michael McLaughlin

Tá Drioglann Oileán Acla ina forbairt luachmhar don cheantar, ní amháin i dtéarmaí fostaíochta dírí, ach beidh sí ina díol spéise breise do thurasóirí chomh maith.

Stiúrthóir Fiontraíochta agus Fostaíochta Údarás na Gaeltachta, Mark De Faoite

Bhunaigh an Príomhfheidhmeannach, John McKay, an Irish American Trading Company in 2014 agus é mar sprioc aige branda mar stíl mhaireachtála a chur sa siúl a léireodh an caidreamh buan idir Éire agus Meiriceá. Is in 2015 a chuir IrishAmerican tús le táirgeadh an IrishAmerican Classic Blend agus an Irish American Single Malt deich mbliana. Tá na fuiscí seo á ndriogadh faoi dhó i stileanna pota copair agus iad tagtha chun cineáil i mbairillí darach Meiriceánacha in Éirinn, agus iad á n-easpórtáil anois go 11 stát sna Stáit Aontaithe. Tá sé ar an bhfuisce oifigiúil in Ambasáid Mheiriceá in Éirinn. Faigheann Irish American a gcuid fuisce ó dhrioglanna eile in Éirinn agus meascann siad go dtí na mbranda fuisce féin iad. Tá siad ag féachaint anois le tús a chur leis an bpróiseas driogtha ón tús ar fad ina ndrioglann in Acaill le cur lena gcuid stoic don todhchaí. Tá ceangal láidir cothaithe idir na fuiscí seo, a bhfuil mórán gradam buaite acu, agus diaspóra na hÉireann agus Mhaigh Eo sna Stáit Aontaithe le blianta beaga anuas i gcathracha Nua Eabhrac, Boston agus Cleveland agus ar mhisin trádála le hÚdarás na Gaeltachta.

I lár an ionaid do chuairteoirí tá dhá stil pota copair ollmhóra a rinneadh in Albain agus a tugadh trasna an droicidh go hAcaill á dtionclacan le ‘The West’s Awake’ ag píobaire aonair agus cuirfidh an t-ionad seo do chuairteoirí go mór le heispéireas an chuairteora ar Acaill. Buaicphointe do mhórán turasóirí go hÉirinn a bheidh ann, idir an t-ionad cuairteoirí i dtéama Chosc Mheiriceá ar Alcól, an beár Barley Field agus an turas eolais ar an bpróiseas driogaireachta.

Tá oiread agus €4m infheistithe ag an IrishAmerican Trading Company ina gcuid gníomhaíochtaí go dtí seo agus rinne an fhorbairt ar an drioglann agus ar an ionad do chuarteoirí i nGaeltacht Acla le tacaíocht ó phacáiste infheistíochta caipitil €174,000 ó Údarás na Gaeltachta chun athchóiriú a dhéanamh ar an bhfoirgneamh de chuid an Údaráis a bhfuil an áis seo lonnaithe ann.
Dúirt Stiúrthóir Fiontraíochta agus Fostaíochta Údarás na Gaeltachta, Mark De Faoite, “Tá Drioglann Oileán Acla ina forbairt luachmhar don cheantar, ní amháin i dtéarmaí fostaíochta dírí, ach beidh sí ina díol spéise breise do thurasóirí chomh maith, agus feicfear na buntáistí níos faide i gcéin ná an pobal áitiúil sa chaoi a ndéanfaidh cuairteoirí pleanáil ar a dturas feadh Shlí an Atlantaigh Fhiáin chun cuairt a thabhairt ar an éispéireas seo. Beidh Drioglann Oileán Acla ina cuid lárnach de Shlí na nDrioglann Gaeltachta atá á forbairt ag fiontraithe i gceantair éagsúla Ghaeltachta le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta.”