Ainmniúchán faighte ag Fíbín do na Allianz Business to Arts Awards

12 Meitheamh, 2008

nóiméad léite

Tá áthas agus ríméad ar Ealaín na Gaeltachta a fhógairt go bhfuil Fíbín Teo, an compántas drámaíochta spleodrach agus illdánaí as Conamara, tar éis ainmniúchán a fháil do ghradam de chuid Allianz Business to Arts i mbliana. Ainmníodh Fíbín as ucht tionscnamh poiblíochta agus margaíochta a rinne siad i bpáirt le Cúla 4, (an príomhchlár do pháistí ar TG4). Is gradaim iad na Allianz Business to Arts Awards a bhfuil urraim mhór agus ardmheas ag baint leo go náisiúnta, agus tá an ócáid ag a mbronntar na gradaim ar cheann de na himeachtaí is mó agus is tábhachtaí i saol na n-ealaíon sa tír seo. Is mór an éacht do chompántas ealaíne ón nGaeltacht ainmniúchán mar seo a bhaint amach, agus cruthaíonn sé go bhfuil borradh mór tagtha faoi struchtúr na n-ealaíon agus faoi chaighdeán na n-ealaíon sna Gaeltachtaí. Tá Ealaín na Gaeltachta ag tabhairt urraíochta agus tacaíochta do Fíbín Teo ó bunaíodh iad in 2003.