Ag spreagadh glúin nua fiontraithe

1 Samhain, 2016

nóiméad léite

I mbliana glacfaidh os cionn 500 dalta idirbhliana ó Ghaeltachtaí na Gaillimhe, Mhaigh Eo, Dhún na nGall, Chorcaí, Chiarraí agus na Mí páirt i gClár na gComhlachtaí atá á reáchtáil ag Údarás na Gaeltachta.

Sheol an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne, TD, an clár do 2016/17 i gColáiste Cholmcille, Indreabhán le gairid, agus bhí na daltaí a ghlac páirt sa chlár anuraidh i láthair le cuid de na smaointe nuálacha a chur siad chun cinn anuraidh ar taispeáint.

Is é atá i gceist leis an gclár fiontraíochta seo ná na bunphrionsabail bunaithe gnó a theagasc do dhaltaí ar bhonn phraiticiúil, trí Ghaeilge, sna scoileanna Gaeltachta. Forbraíodh an clár i bpáirtíocht le Junior Achievement Ireland (JAI). Tá an clár bunaithe ar chlár fiontraíochta de chuid an JAI – Company Programme agus Company of the Year Competition. Bunaíonn na daltaí gnó agus oibríonn siad air agus déanann siad an gnó a bhainistiú. Tugann an clár deiseanna chun scileanna éagsúla acadúla agus cinnireachta a fhorbairt agus a threisiú.

Earcaíonn JAI meantóirí deonacha áitiúla a bhfuil traenáil faighte acu agus a bhfuil grinnfhiosrúchán déanta orthu agus tugann na meantóirí comhairle gnó agus tacaíocht do na daltaí i ngach scoil. Tugtar treoir do na daltaí ón mbunsmaoineamh go dtí an táirgeadh, an mhargaíocht, an díolachán agus cúrsaí airgeadais, chomh fada le dul chun margaidh.

Ag an gComórtas Réigiúnach i mí Feabhra 2017 déanfaidh na daltaí tuairisciú ar an dul chun cinn. Tugann na hócáidí réigiúnacha seo deis do na fiontraithe óga seo a táirgí críochnaithe a chur i láthair ag seastáin gnó, dul faoi agallamh le painéal moltóirí agus a smaoineamh gnó a dhíol os comhair lucht féachana. Is deis mhaith é do na daltaí an t-eolas agus na scileanna atá foghlamtha acu a thaispeáint.

De réir taighde ar oideachas fiontraíochta, tá níos mó seans ann go mbunóidh na daltaí a ghlacann páirt i gClár na gComhlachtaí a ngnólachtaí féin sa todhchaí, bíonn baol níos lú ann go mbeidh siad dífhostaithe agus tá seans níos fearr ann go mbeidh siad i bhfostaíocht leanúnach agus iad ag dul in aois. Tá na torthaí seo bunaithe ar scéimeanna rathúla ar fud na hEorpa ar a bhfuil cláir JAI agus Clár na gComhlachtaí bunaithe.

Dúirt an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne, TD: “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le hÚdarás na Gaeltachta agus Junior Achievement Ireland as a gcomhpháirtíocht i gClár na gComhlachtaí. Tá gnólachtaí ag croílár gheilleagar na tíre seo agus is deis iontach é an clár seo chun an fhiontraíocht a chur chun cinn i measc an aosa óig. Tá súil agam go n-éirí go geall leis na daltaí san obair fhiúntach seo”

Dúirt Príomhfheidhmeannach an JAI, Helen Raftery, “Tá muid fíorbhuíoch do thacaíocht Údarás na Gaeltachta chun Clár na gComhlachtaí a reáchtáil i scoileanna ar fud na Gaeltachta. Creidimid go mbainfidh daltaí a chríochnóidh an clár sult as na deiseanna foghlama fíor-shaoil, agus le spreagadh óna múinteoirí agus a meantóirí gnó, spreagfar an mhuinín iontu mórán scileanna inaistrithe a shealbhú a theastóidh, idir obair foirne, scileanna idirbheartaíochta agus óráidíocht phoiblí.”

Dúirt Steve Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta “Ba mhaith leis an Údarás comhghairdeas a dhéanamh le JAI agus le daltaí idirbhliana na Gaeltachta agus a gcuid múinteoirí as ucht leanúint le Clár na gComhlachtaí arís i mbliana. Bheinn dóchasach go dtiocfaidh rath ar na hiarrachtaí seo do thionsclaíocht nua don Ghaeltacht amach anseo – mol an óige agus tiocfaidh sí!”