70 post nua ceadaithe do Ghaeltacht Mhúscraí

19 Nollaig, 2008

nóiméad léite

Ag cruinnithe de Bhord Údarás na Gaeltachta agus Coiste Réigiúnach an Deiscirt le gairid ceadaíodh pacáistí tacaíochta do raon comhlachtaí seanbhunaithe agus do thograí nua atá lonnaithe agus le lonnú amach anseo i nGaeltacht Mhúscraí. Meastar go gcruthófar suas le 70 post nua sna tograí seo agus go gcaomhnófar go leor postanna eile.

Ag cruinniú de Choiste Réigiúnach an Deiscirt a tionóladh sa Daingean ar an 9 Nollaig, ceadaíodh pacáistí tacaíochta do trí chomhlacht atá le lonnú i mBéal Átha an Ghaorthaigh. Beidh an trí ghnó á lonnú san aonad céanna agus is gnóthaí graificí ríomhaireachta agus teicneolaíochta faisnéise a bheidh a bhforbairt acu d’earnálacha éagsúla. Meastar go gcruthófar suas le 30 post sna comhlachtaí sin nuair atá siad faoi lántseoil.

Ag cruinnú de Bhord an Údaráis ar an 12 Nollag ceadaíodh pacáistí tacaíochta do chúig cinn de chomhlachtaí sa cheantar atá ag feidhmiú san earnáil bídh agus san earnáil déantúsaíochta chun freastal ar a gcuid riachtanais táirgíochta, forbartha, oiliúna agus margaíochta. Cruthófar suas le 30 post nua nuair atá na forbairtí beartaithe faoi lántseoil agus cinnteofar caomhnú agus buanú go leor poist eile sna comhlachtaí dá bharr.

Bhí breis agus €1.8 milliún i ndeontais i gceist sna tograí sin ar an iomlán.

Ag cruinniú de Choiste Réigiúnach an Deiscirt i mí Meán Fómhair ceadaíodh pacáiste tacaíochta de Oisín Teo atá lonnaithe i mBaile Mhic Íre. Cuireann Oisín Teo seirbhís aistriúchán agus comhairleoireacht teanga ar fáil agus táthar ag súil go gcruthófar 12 post lánaimseartha sa chomhlacht sna 3 bliana amach romhainn.