20 Post Nua do Ghaeltacht Mhaigh Eo – Bioshell Teo ag Leathnú

1 Samhain, 2010

nóiméad léite

Tá fógra díreach tugtha ag Bioshell Teo, déantúsóir táirgí cúraim sláinte atá lonnaithe i nGaeltacht Mhaigh Eo, go mbeidh sé ag cruthú 20 post nua agus go gcuirfear tús leis an earcaíocht láithreach.

Déanann Bioshell Teo raon leathan táirgí forlíonta vitimín agus mianrach óna ionad táirgíochta i gCeathrú Thaidhg in Iarthuaisceart Mhaigh Eo, ar bhonn conartha dá chustaiméirí ar fud an domhain. Bhronn Bord Leigheasra na hÉireann (IMB) Údarú Déantúsóra ar an gcuideachta, a dhéanann sainsholáthar ar tháirgí cothaithe spóirt agus cógais luibhe traidisiúnta, an mhí seo caite. Ceadaíonn an deimhniú seo don chomhlacht cur lena raon táirgí agus leathnú amach sa mhargadh cógaisíochta. Le tacú leis an chomhlacht fás agus forbairt, osclaíodh ionad nua bhreise le déanaí i bpáirc tionscail Údarás na Gaeltachta i mBéal an Mhuirthead chun freastal ar réimsí trádstórála, rialaithe cáilíochta agus riaracháin an ghnó.

Ag labhairt dó ag an ócáid fógartha, dúirt Reiner Eschwey, stiúrthóir na cuideachta, “Tá Bioshell ag leathnú chun freastal ar an fás ar an éileamh sa mhargadh cothaithe spóirt agus forlíonta bia. Cuireann Údarú Déantúsóra an IMB le cáil na comhlachta agus tugann sé seasamh níos iomaíche di trí deis níos mó táirgí, dearbhaithe cáilíochta agus inrianaitheachta amhábhair a thairiscint dá custaiméirí. Tabharfaidh an t-ionad nua a chuir Údarás na Gaeltachta ar fáil i mBéal an Mhuirthead deis dúinn tabhairt faoi a pleananna leathnaithe agus cur le táirgeadh agus le hacmhainneacht, rud a chinnteoidh gur féidir leis an ghnó fás sa todhchaí”, a dúirt sé.

Tá 8 post ardcháilíochta á earcú ag an chomhlacht faoi láthair, i mbailíochtú, rialú cáilíochta, teicneolaíocht na faisnéise agus táirgeadh, dá n-ionaid ghnó i gCeathrú Thaidhg agus i mBéal an Mhuirthead agus déanfar na poist eile a earcú sa tréimhse dhá bhliain amach romhainn.

Dúirt Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, “Is sampla iontach é Bioshell den tslí gur féidir le comhlacht Éireannach a bhfuil bunáit tuaithe aici a bheith ina imreoir i lár an mhargadh domhanda. Is údar misnigh é gnó mar seo a fheiceáil ag fás agus ag bogadh ar aghaidh lena bpleananna leathnúcháin ag tráth ina bhfuil dúshláin ollmhóra os comhair ghnólachtaí ar fud na tíre. Tá An tÚdarás ag obair le Bioshell ón gcéad lá ar chinn siad lonnú in Iarthar na hÉireann. Tá lúcháir orainn a bheith in ann tacaíocht a chur ar fáil agus an fhorbairt nua so a éascú agus fáiltíonn muid go mór roimhe na 20 post nua atá á gcruthú dá bharr na forbartha seo.

Bunaíodh Bioshell i mBaile Átha Cliath i 1996 ag John Raftery agus Reiner Eschwey agus d’athlonnaigh siad go dtí a mbunáit reatha i Maigh Eo in 2001, áit a bhfuil 25 duine fostaithe acu.

Tá Bioshell ina cheannródaí domhanda maidir forlíontaí spóirt a thástáil gan drugaí agus tá creidiúnú faighte aige ó shaotharlanna tástála ceadaithe Ghníomhaireacht Frithdhópála an Domhain (WADA).