135 Post Nua don Chlochán Liath, Co. Dhún na nGall

12 Bealtaine, 2008

nóiméad léite

Randox Laboratories Ltd le hAonad Diagnóiseach €7.5 milliún a bhunú

Tá Randox Laboratories Ltd, comhlacht idirnáisiúnta réiteach diagnóiseach, le €7.5 milliún a infheistiú in aonad déantúsaíochta, taighde agus forbartha diagnóiseach ar an Chlochán Liath, Co. Dhún na nGall. Cruthóidh an infheistíocht, le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta, 135 post ardluachthar na trí bliana atá romhainn.

Déanann Randox a gcuid taighde, táirgí, seirbhísí agus margaíocht féin uile. Beidh an t-aonad ar an Chlochán Liath ag táirgeadh réimse de tháirgí Randox, ina measc an anailíseoir chliniciúil RX Monza agus biochips d’úsáid chliniciúil agus taighde. Úsáidtear na biochips in ospidéil ar fud an domhain le cuidiú le diagnóis a dhéanamh ar ghalair. Ba iad Randox an chéad chomhlacht sa domhan a rinne biochip próitéine a úsáidtear chun iltástáil a dhéanamh. Ligeann an biochip do thaighdeoirí agus d’anailísithe iltástála a dhéanamh ag úsáid sampla amháin fola. Lena chois sin, táirgeann an comhlacht réimse anailíseoirí ceimiceacha cliniciúla a úsáidtear le samplaí fola othair a scrúdú, rud a chuidíonn le diagnóis chruinn agus gasta a dhéanamh.

Agus é ag fógairt na hinfheistíochta, dúirt an tAire um Chothú Sláinte agus Sábháilteacht Bhia, Pat the Cope Gallagher, “Is scéal iontach don cheantar agus do Ghaeltacht Dhún na nGall an cinneadh atá déanta ag Randox, ceannaire domhanda sa réimse nuálaíoch biochips diagnóiseacha, áis dhéantúsaíochta a lonnú ar an Chlochán Liath. Léiríonn an cinneadh a rinne an comhlacht, gnó atá chomh sofaisticiúil agus chomh fada chun cinn ó thaobh na teicneolaíochta de a lonnú anseo, go bhfuil an-mhuinín acu sa bhfórsa oibre agus sa cheantar go ginearálta. Molaim Údarás na Gaeltachta as ucht an obair straitéiseach atá déanta acu togra d’ardchaighdeán mar seo a fháil don cheantar, go háirithe ó tharla go raibh an ceantar seo buailte ag caillteanas post an t-am seo anuraidh.”

Tá i gceist ag an chomhlacht foireann taighde agus forbartha a fhorbairt ar an Chlochán Liath. Cuireann Randox béim iontach láidir ar thaighde agus forbairt sa mhéid is go bhfuil 30% dá n-ioncam bliantúil á athinfheistiú acu i dtaighde. Léiríonn sé seo an fhís atá ag an chomhlacht cúram sláinte a fhorbairt trí bheith go leanúnach ag cur barr feabhais ar réitigh diagnóiseacha. Beidh an fhoireann thaighde ag díriú ar fhorbairt bhreise a dhéanamh ar tháirgí nua diagnóiseacha don mhargadh cúram sláinte domhanda.

Beidh aonad déantúsaíochta, taighde agus forbartha Randox lonnaithe i bhfoirgneamh de chuid an Údaráis ar Pháirc Ghnó an Chlochán Leith. Dúirt Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, “Tá muid thar a bheith sásta go bhfuil sé ar ár gcumas tacú le bunú an fhiontair seo. Tá an fhostaíocht ardchaighdeánach a chruthóidh sé thar a bheith tábhachtach don cheantar agus cuideoidh sé i bhforbairt agus i gcothú an phobail áitiúil sa todhchaí. Is dea-shampla í an fhorbairt seo ar chur i bhfeidhm polasaí an Údaráis comhlachtaí sa tionscal eolaíocht beatha a mhealladh chuig ceantair atá ábalta aonaid ardchaighdeáin gnó, fórsa oibre oilte agus infreastruchtúr cuí a chur ar fáil.”

Dúirt an Dr. Peter Fitzgerald, Bainisteoir Stiúrtha Randox Laboratories Ltd, “Roghnaíomar an Chlochán Liath don fhorbairt seo mar gheall ar an áis ardchaighdeánach, an lucht saothair ardoilte agus an t-infreastruchtúr feiliúnach a bhí ar fáil. Táimid ríméadach faoin fhorbairt seo agus tá súil againn go gcuirfidh sé le rath an cheantair trí réimse de dheiseanna fostaíochta phroifisiúnta a chur ar fáil. Tá súil againn chomh maith go gcuideoidh sé seo leis an mhisean atá againn réiteach diagnóiseach a fheabhsú ar bhonn leanúnach.”