10 mBliana Slánaithe ag TG4 – Súil Siar agus Súil ar Aghaidh

31 Deireadh Fómhair, 2006

nóiméad léite

Déanann Údarás na Gaeltachta comhghairdeas le TG4 as an gceannródaíocht atá léirithe ag an stáisiún le deich mbliana anuas ní hamháin maidir le húireacht agus nuálacht an chlársceidil ach chomh maith leis sin faoin misneach a thugann feidhmiú an stáisiúin do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge trí chéile.

“Is cuid lárnach de shaol phobal na Gaeilge é TG4” adúirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Pádraig Ó hAoláin, “agus tá éacht an-mhór déanta ag an stáisiún trí áit shuntasach a bhaint amach dó féin in earnáil iomaíoch na teilifíse in Éirinn agus sin ar bhuiséad teoranta. Tá earnáil thábhachtach léiriúcháin a bhfuil fostaíocht luachmhar ag gabháil léi bunaithe sa Ghaeltacht de thoradh TG4 agus tá sé tábhachtach don earnáil seo go bhfuil comhpháirtíocht nua á pleanáil ag an Údarás agus TG4 i gcomhar le chéile faoi láthair chun todhchaí na hearnála Gaeltachta sin a threisiú i rith na mblianta dúshlánacha atá romhainn amach”.

Guíonn an tÚdarás gach rath ar TG4 sa ré nua neamhspleách atá roimhe amach agus tá súil aige go gcuirfear leorsholáthar maoinithe ar fáil dó le cur ar a chumas iomlánú a dhéanamh ar líon na gclár Gaeilge agus lena stádas a threisiú in earnáil iomaíoch teilifíse na hÉireann.

Tags: TG4