Áitribh do ghnó
Tá punann maoine ilghnéitheach ag Údarás na Gaeltachta ar fud na Gaeltachta ar a n-áirítear:

- Suímh thionsclaíocha;
- Páirceanna gnó;
- Aonaid fiontair;
- Spás oifige;
- Gorlanna gnó;
- Suímh le forbairt;
- Aonaid cheardaíochta.
Tá na háitribh atá ar fáil faoi láthair lonnaithe i nDún na nGall, i Maigh Eo, i nGaillimh, i gCorcaigh, i gCiarraí agus i gCo na Mí.
Cuirtear maoin ar fáil ar rátaí cíosa iomaíocha agus is féidir le cliaint tairbhe a bhaint as socruithe léasa solúbtha. Is féidir foirgintí a chur in oiriúint ag brath ar riachtanais an ghnó. Tá tuilleadh eolais ar na ceantair agus infreastruchtúr Ghaeltachta ar fáil anseo.
