ScéalEILE nuachtlitir
Baile » Eolas faoin Údarás » ScéalEILE nuachtlitir » Soláthar Airgid 2010 don Údarás
15 Nollaig 2009 |Soláthar Airgid 2010 don Údarás
Sa cháináisnéis a foilsíodh ar an 9ú Nollaig sé an soláthar maoinithe a ceadaíodh don Údarás do 2010 ná:
 
                                                                                              2010                 2009
·        Soláthar reatha/ riaracháin                         €11.5m           (€11.8m)
 
·        Soláthar caipitil                                            €15m             (€19.65m)
 
·        Soláthar d’imeachtaí pobail & teanga          €3.92m           (€4.185m)
 
 
Cuirfidh na buiséid laghdaithe sin, go háirithe an laghdú substaintiúil ar an soláthar caipitil, srian an-mhór ar an Údarás maidir le tograí nua a chur chun cinn in 2010. 
Ar an dtaobh eile don scéal táimid dóchasach go gcuirfidh an soláthar d’Imeachtaí Pobail agus Teanga ar ár gcumas leanúint de thacaíocht do na hIonaid Seirbhísí Teanga, na heagrais phobail/comharchumainn, na cláir fhorbartha pobail, do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta Teo agus d’Óige na Gaeltachta Teo.
Cláraigh le haghaidh ríomhphoist
Faigh an nuacht is déanaí ó Údarás na Gaeltachta, liostáil dár nuachtlitir leictreonach anseo.
Déan fiosrúchán
Mura féidir leat an t-eolas atá uait a aimsiú ar ár suíomh gréasáin, seol fiosrúchán chugainn ar ríomhphost.
Nuacht