Pobal
Pobal
Tá páirt ghníomhach ag muintir na Gaeltachta i bhforbairt eacnamaíochta, shóisialta agus chultúrtha a bpobail, go mórmhór trí ghrúpaí daingeanbhunaithe ar nós comharchumainn pobail agus cuideachtaí pobalbhunaithe.

Gníomhaíonn an tÚdarás mar éascaitheoir do na grúpaí seo agus spreagtar forbairt ar a leithéid d’eagraíochtaí i gceantair Ghaeltachta eile trí chur ar fáil comhairle, cúnamh agus tacaíocht airgeadais a chuidíonn leis na grúpaí a bheith ina n-acmhainní láidre réamhghníomhacha ina gcuid pobal.

Comhoibríonn an tÚdarás go dlúth le grúpaí pobail ar mhaithe le scéimeanna fostaíochta pobail a riar, tacú le clubanna don óige agus le grúpaí réamhscolaíochta, agus le feabhsú an infreastruchtúr shóisialta trí ghníomhaíochtaí ar nós cúnamh a chur ar fáil do dhaoine scothaosta agus dóibh seo atá faoi mhíbhuntáiste.
 

Pobal
Cláraigh le haghaidh ríomhphoist
Faigh an nuacht is déanaí ó Údarás na Gaeltachta, liostáil dár nuachtlitir leictreonach anseo.
Déan fiosrúchán
Mura féidir leat an t-eolas atá uait a aimsiú ar ár suíomh gréasáin, seol fiosrúchán chugainn ar ríomhphost.
Nuacht