Is comhthionscnamh idir Údarás na Gaeltachta agus An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta é Gaeilge 2010. Is é an aidhm atá leis ná na pobail áitiúla Gaeltachta a spreagadh i bpleanáil agus i bhfairsingiú na Gaeilge mar theanga phobail ina gceantar féin.
Faoin dtionscnamh teanga seo déanadh forbairt ar chúrsaí nua teanga do dhaoine de gach cumas teanga agus bunaíodh líonra de Ionad Seirbhísí Teanga ar fud na Gaeltachta i bpáirtíocht leis an Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta.
Is iomaí áis atá ar fáil do dhaoine atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim, mar shampla leabhair agus téipeanna féinfhoghlama, agus DVD/dlúthdhioscaí/fístéipeanna de chláracha teilifíse. Go minic déanann daoine fásta iarracht Gaeilge a athfhoghlaim mar go raibh Gaeilge acu agus iad níos óige. Chun freastal ar an éileamh seo ar ranganna Gaeilge sa Ghaeltacht, agus chun glacadh le cur chuige níos straitéisí agus níos comhordaithe, tá Gaeilge 2010 ag fáil tacaíochta ó Údarás na Gaeltachta agus ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
Chun foráil na gcúrsaí seo a chomhordú ar fud na Gaeltachta, agus chun plé le ceisteanna maidir le foghlaim na Gaeilge ag leibhéil éagsúla, tá sé d’aidhm ag Gaeilge 2010 freastal ar na riachtanais seo leis na bearta a leanas:
- Tá seasca múinteoir tar éis sain-oiliúnt inseirbhíse a fháil ar bhonn réigiúnach maidir le múineadh na Gaeilge go leibhéal Teastas Eorpach na Gaeilge, atá forbartha ag Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. Oibríonn na múinteoirí seo sna hionaid teanga éagsúla ar fud na Gaeltachta.
- Tá teicneolaíocht agus áiseanna múinteoireachta nua-aimseartha i ngach ceann de na hionaid seo, agus cuirtear cúnamh airgid agus comhairle ar fáil dóibh chun cúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta a fhorbairt agus a chur chun cinn.
- Chun sainchomhairle agus saintacaíocht teanga a chur ar fáil, tá grúpa comhairleach maidir le pleanáil teanga bunaithe ag Údarás na Gaeltachta, ina bhfuil roinnt de phríomhshaineolaithe teanga na tíre páirteach.
Chun eolas a fháil maidir leis na hIonaid Seirbhísí Teanga lonnaithe ar fud na Gaeltachta brú anseo.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi Gaeilge 2010 sa bhróisiúir anseo.