Níltear ag glacadh le hiarratais faoin scéim seo faoi láthair. Fógrófar an chéad chéim eile in am trátha.
Critéir
Tá an deis seo i gcomhair taithí oibre oscailte d'iarratasóirí ón nGaeltacht a bhfuil Gaeilge líofa acu.
Nós imeachta
Cuirtear taithí oibre ar fáil:
Critéir
Tá an deis seo i gcomhair taithí oibre oscailte d'iarratasóirí ón nGaeltacht a bhfuil Gaeilge líofa acu.
Nós imeachta
Cuirtear taithí oibre ar fáil:
- D’fhochéimithe: Cuirtear taithí oibre sa samhradh ar fáil d’fhochéimithe ón nGaeltacht a bhfuil cúrsa i ndisciplín praiticiúil ar bun acu. Is iondúil go ndéantar an taithí oibre seo sa samhradh roimh an mbliain deiridh den chúrsa, agus maireann sí idir 12 agus 14 seachtaine. Glactar le fochéimithe ar feadh tréimhse níos faide áfach nuair atá an taithí oibre mar chuid riachtanach dá gcúrsa (m.sh. Ollscoil Luimnigh). Beidh ábhar na taithí oibre praiticiúil, mar shampla tionscnaimh i mbainistíocht ábhar, i rialúchán cáilíochta, i bpleanáil táirgeachta srl
- D’fheidhmeannaigh oifige cuirtear deiseanna ar fáil dóibh siúd a bhfuil cúrsa aitheanta i nósanna imeachta oifige críochnaithe acu, mar shampla córais faisnéise nó staidéar rúnaíochta, chun taithí san áit oibre a thabhairt dóibh ar feadh tréimhse suas go sé mí mhí ar fhad.
Íoctar thart ar €220 in aghaidh na seachtaine leis an oiliúnaí le linn thréimhse na taithí oibre.