Deiseanna oiliúna
Printíseachtaí
Táthar ag glacadh le hiarratais faoin scéim seo faoi láthair. 
  • An bhfuil cónaí ort sa Ghaeltacht, an bhfuil Gaeilge líofa agat, agus an bhfuil tú sé bliana déag d'aois?
  • An bhfuil tú incháilithe chun clárú mar phrintíseach faoin Scéim Náisiúnta Printíseachta* faoi stiúir FÁS?
Má tá freagra dearfach ar na ceisteanna thuas, d'fhéadfadh go mbeadh tú a bheith incháilithe do scoláireacht phrintíseachta.

*Chun a bheith incháilithe don Scéim Náisiúnta Printíseachta, teastaíonn pas i gcúig ábhar sa Teastas Sóisearach nó a chomhionann, nó réamhchúrsa aitheanta a bheith críochnaithe agat. Má tá tú os cionn 25 bliain d'aois, féadfaidh tú a bheith incháilithe má tá taithí oiriúnach trí bliana sa cheird agat.

Nós imeachta
  • Cuireann Údarás na Gaeltachta scoláireachtaí printíseachta ar fáil gach bliain agus fógraítear iad sna meáin áitiúla, ach is féidir leat spéis a léiriú ag am ar bith ach an Fhoirm Chlárúcháin a líonadh isteach
  • Bronntar na scoláireachtaí ar bhonn agallaimh, scrúduithe praiticiúla agus teoirice, agus ar bhonn torthaí scrúduithe
  • Is féidir na scoláireachtaí printíseachta a úsáid chun dul isteach in aon cheann de na ceirdeanna aitheanta
  • Go hiondúil, maireann printíseacht ceithre bliana, agus oibríonn an printíseach le duine nó le comhlacht aitheanta le linn an ama sin. Ina theannta sin, caitheann an printíseach trí thréimhse foghlama in Ionad Oiliúna de chuid FÁS nó in Institiúid Teicneolaíochta
  • Ní mór dóibh siúd a roghnaítear comhlacht nó conraitheoir aitheanta, a bheidh sásta iad a fhostú do thréimhse a bprintíseachta, a ainmniú. Is féidir leis an Údarás cúnamh a thabhairt fostóir a aimsiú
  • Nuair a bheidh do phrintíseacht críochnaithe go sásúil agat bronnfar an Uasteastas Leibhéal 6 Fetac ort, teastas a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta ag dul leis.
Cúnamh
 
Cuireann an tÚdarás cúnamh airgid ar fáil don phrintíseach agus dá c(h)omhlacht nó dá c(h)onraitheoir ag tréimhsí ar leith le linn na printíseachta.
 
Liosta Printíseachtaí ar fáil
 
Meicneoir Talmhaíochta * M
Agricultural Mechanic * M
Meicneoir Eitleáin   * M
Aircraft Mechanic * M
Bríceadóireacht & Clochadóireacht   
Brick & Stone laying
Cearpantóir/ Siúinéir  M
Carpenter/Joiner  M
Feisteoir Gléasra Tógála * M
Construction Plant Fitter * M
Leictreoir * M
Electrician * M
Feisteoir * M
Fitter * M
Tíleoir Balla/Urláir *
Floor/Wall Tiler *
Meicneoir Feithiclí Troma * M
Heavy Vehicle Mechanic * M
Ionstraimíocht * M
Instrumentation Craftsperson * M
Ionstraimíocht Leictreach * M
Electrical Instrumentation * M
Oibrí Miotail M
Metal Fabricator M
Meicneoir Gluaisteáin 
Motor Mechanic
Péintéir/Maisitheoir *
Painter/Decorator *
Pláistéir
Plasterer
Pluiméir M
Plumber M
Meáin Clóite *
Print Media *
Cuisniú & Aerchóiriú * M
Refrigeration & Air Conditioning * M
Oibrí Miotal Leatháin M
Sheet Metal worker M
Uirliseoir M
Toolmaker M
Deisitheoir Cabhlach Feithicle   *
Vehicle Body Repair *
Crúdóireacht Capall
Farriery
Insliú Tionsclaíoch *
Industrial Insulation *
Ceardaí Córas Slándála Leictreonach * M
Electronic Security System * M
Déantúsaíocht agus Bailchríochnú Adhmaid M Wood Manufacturing and Finishing M

M  = MATAMATIC RIACHTANACH (Gnáth leibhéal ar a laghad sa Teastas Sóisearach nó a chomhionann)
=   Pas sa Scrúdú Dathdhaille atá inghlactha ag FÁS

Foirm iarratais ar fáil
anseo nó má tá eolas breise uait, déan teagmháil le 091 503139.
Cláraigh le haghaidh ríomhphoist
Faigh an nuacht is déanaí ó Údarás na Gaeltachta, liostáil dár nuachtlitir leictreonach anseo.
Déan fiosrúchán
Mura féidir leat an t-eolas atá uait a aimsiú ar ár suíomh gréasáin, seol fiosrúchán chugainn ar ríomhphost.
Nuacht