Cuireann an tÚdarás deiseanna oiliúna ar fáil chun feabhas a chur ar d'fhorbairt phearsanta. Ina measc tá an Scéim Forbartha Bainistíochta, An Scéim Phrintíseachta, An Clár Foghlama Fadsaoil agus an Scéim Thaithí Oibre.
Níltear ag glacadh le hiarratais faoi na scéimeanna seo faoi láthair. Fógrófar an chéad ghlaoch eile in am trátha.
Má tá fiosrúchán agat nó breis eolais uait, déan teagmháil leis an Rannóg Oiliúna agus Oideachais, Údarás na Gaeltachta. (Doirí Beaga, Béal an Mhuirthead, Na Forbacha, An Daingean nó Baile Mhic Íre).