Is féidir le hÚdarás na Gaeltachta raon dreasachtaí airgid a thairiscint do ghnólachtaí agus do chuideachtaí incháilithe chun tosú, lonnú i gceantar Gaeltachta nó forbairt a dhéanamh ar ghnó atá ar bun cheana féin sa Ghaeltacht.
Ma tá suim agat do ghnó féin a thosú, nó má tá tú ag smaoineamh do ghnó a athlonnú, a leathnú nó a fhorbairt, b’fhéidir gurb í an Ghaeltacht an áit duit.
Cuidíonn an cúnamh a thairgeann an tÚdarás le cuideachtaí leathnú a dhéanamh, dul chun cinn i réimsí nua nó teacht tríd an tréimhse tosaigh nuair atá an gnó á chur ar bun.
Seo a leanas roinnt de na dreasachtaí cúnaimh airgid:
- Deontais le haghaidh Staidéar Féidearthachta
- Deontais Taighde agus Forbartha
- Deontais Chaipitil
- Deontais Fostaíochta
- Deontais Oiliúna
- Cothromas Infheistíochta
- Scéimeanna Margaíochta.
Má tá tú ag smaoineamh do ghnó féin a bhunú cliceáil anseo le haghaidh breis eolais.
Má tá tú i mbun gnó agus tá tú ag smaoineamh an gnó a athlonnú, a leathnú nó a fhorbairt sa Ghaeltacht, cliceáil anseo.
Má tá tú i mbun gnó agus tá tú ag smaoineamh an gnó a athlonnú, a leathnú nó a fhorbairt sa Ghaeltacht, cliceáil anseo.