Suímh le haghaidh gnólachtaí
Baile » Forbairt ghnó » Suímh le haghaidh gnólachtaí » Co. Mhaigh Eo » Aonad 2A, Eastát Tionsclaíochta Bhéal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo.
Aonad 2A, Eastát Tionsclaíochta Bhéal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo.
 
 
Suíomh:
Ionad áisiúil lárnach atá i bhfoisceacht 160km (100míle) d’Aerfort na Gaillimhe, áit an bhfuil fáil ar eitiltí rialta chomh fada le Amstardam, Bordeaux, Átha Cliath, Dún Éideann, Londain agus eile. Cuirtear eitiltí chuig na Breatan (Londain, Birmingham, Manchain, Glaschú and Briostó) ar fáil ó Aerfort Chnoc Mhuire atá 106km (66 míle)  as Béal an Mhuirthead. Tá sráidbhailte Chaisleán a’ Bharraigh agus Cathair na Mart 75km (47míle) as Béal an Mhuirthead.
 
Achar Iomlán (m2):
852 / (9,171tr2)
 
Roghanna Cíosa: Cíos ó €29.60 an m2/ (€25,219in aghaidh na bliana)
 
Ar fáil anseo tá ionad teagmhála custaiméara den scoth, le cumas os cionn 100 oibrí a bheith ar an láthair. Faoi láthair feidhmíonn an taonad seo mar cheannáras measúnú caighdeáin do chomhlacht teagmhála idirnáisiúnta. Tá neart spás oifige san aonad, chom maith le háiseanna eile ar nós leithris, cistin agus seomra comhdhála. Le hinfreastruchtúr d’ardchaighdeán, tacaíocht ghnó thar cionn agus lucht oibre oilte is cinnte gur iontach an deis é seo do chomhlacht idirnáisiúnta nó dúchasach.
 
Daonra/Oideachas
Tá contae Mhaigh Eo idir Sligeach agus Gaillimh i gcroílár réigiún an iarthair. Tá cónaí ar bhreis agus 120,000 duine sa chontae, le 10,000 i gceantar Bhéal an Mhuirthid. Freastalaíonn 5 scoil dara leibhéal ar an gceantar mórthimpeall agus feidhmíonn 4 choláiste tríú leibhéal go háitiúil i gCaisleán a’ Bharraigh, i nGaillimh agus i Sligeach.
 
Úsáidí Oiriúnacha*
Lárionad seirbhísí / Lárionad Glaonna / Spás Oifige
 
* Tá an foirgneamh seo feiliúnach do roinnt gnóthaí agus is féidir é a chur in oiriúint do riachtanais ar leith.
 
 
Cláraigh le haghaidh ríomhphoist
Faigh an nuacht is déanaí ó Údarás na Gaeltachta, liostáil dár nuachtlitir leictreonach anseo.
Déan fiosrúchán
Mura féidir leat an t-eolas atá uait a aimsiú ar ár suíomh gréasáin, seol fiosrúchán chugainn ar ríomhphost.
Nuacht