An bhfuil tú ag obair san earnáil uisceshaothraithe nó próiseála éisc agus ar mhaith leat do ghnó féin a bhunú nó a fhorbairt. Tugtar eolas anseo maidir leis na dreasachtaí airgeadais atá ar fáil ón Údarás.
Tá cuid mhór de na Gaeltachtaí ag síneadh le cósta agus fágann sé sin go bhfuil acmhainní mara an-tábhachtach mar fhoinse fostaíochta agus ioncaim.
Tá an t-uisceshaothrú agus próiseáil éisc á gcur chun cinn ag an Údarás mar earnálacha straitéiseacha forbartha áitiúla.
Tá deiseanna forbartha agus fostaíochta ag baint le réimse leathan gníomhaíochta, idir phróiseáil bhiamara, fhás éisc eiteacha, fhás sliogéisc, phróiseáil feamainne agus taighde ar speicis nua.
Cuirtear tacaíocht ar fáil do thionscadail san earnáil seo trí ghnáthscéimeanna Staidéar Féidearthachta, Taighde agus Forbartha agus RTI an Údaráis.
Cuirtear tacaíocht eile, ar nós soláthar caipitil ar fáil tríd an gClár Feidhme Eorpach Clár Ionstraim Airgeadais do Threoir Iascaireachtaí.