An bhfuil suim agat gnó turasóireachta a bhunú nó a fhorbairt sa Ghaeltacht? Tugtar eolas anseo maidir leis na dreasachtaí airgeadais atá ar fáil ón Údarás.
Tá buanna nádúrtha turasóireachta ag an Ghaeltacht ar a n-áirítear radharcanna áille mara agus intíre, éagsúlacht imeachtaí caithimh aimsire chomh maith le teanga agus cultúr suaithinseach na Gaeltachta féin.
Tá an tionscal turasóireachta an-tábhachtach do gheilleagar na Gaeltachta agus cothaíonn sé fostaíocht agus ioncam do phobal na Gaeltachta ar an mórthír agus go speisialta ar na hoileáin.
Tá forbairt na turasóireachta cultúrtha sa Ghaeltacht mar thosaíocht ag an Údarás agus díríonn plean straitéiseach turasóireachta an Údaráis ar fhorbairt táirgí agus áiseanna agus ar phacáistí speisialta.
Tá sé mar aidhm ag straitéis turasóireachta an Údaráis:
- An líon turasóirí a mhéadú, fad a chur leis an achar a fhanann siad sa Ghaeltacht agus an t-ioncam uathu a mhéadú.
- Líon na dtáirgí turasóireachta sa Ghaeltacht a mhéadú agus a uasghrádú.
Tá scéimeanna tacaíochta airgeadais ar fáil ón Údarás le tograí turasóireachta a bhunú agus a fhorbairt.
Is féidir eolas a fháil maidir le gnáthdheontais an Údaráis ach cliceáil anseo.
Tugtar tacaíocht chomh maith faoi scéimeanna speisialta turasóireachta dóibh seo a leanas:
- Féilte agus mórócáidí Gaeltachta
- Pacáistí saoire Gaeltachta
- Pacáistí saoire trí Ghaeilge
- Gníomhairí/Comhlachtaí Turasóireachta Gaeltacha.