An bhfuil sé ar intinn agat gnó teangabhunaithe a bhunú nó a fhorbairt sa Ghaeltacht? Tugtar anseo eolas maidir leis na dreasachtaí airgeadais atá ar fáil ó Údarás na Gaeltachta.
Is acmhainn í an teanga ar féidir í a úsáid mar bhonn gnó agus mar fhoinse ioncaim agus fostaíochta. Áirítear sa réimse seo seirbhísí eagarthóireachta agus aistriúcháin, foilsitheoireacht, dearthóireacht ghrafaice, seirbhísí sainiúla tacaíochta do ghnóthaí tráchtála, gnó comhuaineach aistriúcháin, nó seirbhísí gairmiúla oifige, rúnaíochta, cuntasaíochta nó a leitheid trí Ghaeilge.
Tá spéis ar leith ag an Údarás tacaíocht chomhairleach agus airgid a chur a fáil do dhaoine ar mhaith leo gnóthaí Gaeilge nó seirbhís trí Ghaeilge a bhunú/fhorbairt.
Uime sin, tá na deontais atá ar fáil do thograí atá bunaithe ar an teanga níos mó ná na deontais ghinearálta mar aithnímid go bhfuil leibhéal níos airde scile agus cumais riachtanach sa réimse seo.
Is féidir tacaíocht a fháil mar seo leanas,
- Staidéar féidearthachta.
- Deontas taighde agus forbartha.
- Oiliúint.
- Spás oifige.
- Deontas fiontraíochta nó fostaíochta.
- Deontas caipitil.
Déan teagmháil le d’oifig réigiúnach le heolas a fháil maidir leis an méid cúnaimh airgeadais atá ar fáil do thograí teangabhunaithe.