Má tá suim agat gnó a bhunú nó a fhorbairt ar oileán Gaeltachta is féidir tacaíocht airgeadais a fháil ón Údarás. Tugtar eolas anseo maidir leis na dreasachtaí airgeadais atá ar fáil.
Is cuid thábhachtach den Ghaeltacht iad na hoileáin agus tá dúshlán ar leith ag baint le forbairt ar na hoileáin sa lá atá inniu ann.
Siad na hoileáin a bhfuil daoine ag cónaí orthu a mbíonn an tÚdarás ag plé leo agus siad sin Cléire, Árainn, Inis Meáin, Inis Oírr, Inis Bigil, Árainn Mhór agus Toraigh.
Tá sé mar pholasaí ag an Údarás inbhuaine na n-oileáin go léir a chinntiú san am atá amach romhainn. Tuigeann an tÚdarás na costais bhreise agus na constaicí eisceachtúla a bhaineann leis an saol oiléanda agus dá bhrí sin soláthraítear scéimeanna cúnaimh sa bhreis le cuidiú le cothú na fiontraíochta agus na fostaíochta ar na hoileáin.
Seo a leanas an saghas tacaíochta atá ar fáil:
- Deontas fostaíochta suas le €13,000 i leith gach poist lánaimseartha bhreise chláraithe agus deontas €6,500 i leith gach poist bhreise chláraithe pháirtaimseartha/shéasúraigh i dtionscadail seirbhíse
- Deontas suas le €2,500 de bhreis ar an deontas fostaíochta thuas in aghaidh an phoist i leith post i ngnóthaí teangabhunaithe a bhfuil leibhéal ard scile agus cumais ag baint leo.
- Spás fiontair do thograí pobail agus do thograí príobhaideacha gnó de réir éilimh ar rátaí speisialta cíosa
- Deontais suas le 80% do thograí pobail neamhthrádála a bhunaítear faoi choimirce comharchumainn nó faoi chomhlachtaí pobalbhunaithe
- Deontas suas le €200,000 thar thréimhse 3 bliana (NB - Faoin Riail De Minimis).