Earnálacha
Baile » Forbairt ghnó » Earnálacha » Eolaíochtaí beatha
Eolaíochtaí beatha
An bhfuil baint agat leis na hearnálacha cógaisíochta, bithleighis nó diagnóiseacha agus ar mhian leat do ghnó féin a bhunú nó a athlonnú sa Ghaeltacht? Tá eolas ar fáil anseo maidir le dreasachtaí airgeadais atá ar fáil ó Údarás na Gaeltachta. 
 
Tá Éire anois ar cheann de na lárionaid dhomhanda ó thaobh earnáil na n-eolaíochtaí beatha de. Tá comhlachtaí ag feidhmiú sna hearnálacha cógaisíochta/ceimiceacha, bithchógaisíochta, feistí leighis agus diagnóiseacha ar fud na tíre. 
 
Tá cnuasaigh áirithe lonnaithe ar fud na tíre a bhfuil bonneagar sofaisticiúil nó ionaid seirbhísí, áiseanna poiblí chomh maith le comhlachtaí agus seirbhísí tacaíochta speisialacha ag freastal orthu. 
 
Is eiseamláir dá leithéid iad réigiúin na Gaillimhe agus Chorcaí, áiteanna a bhfuil na comhlachtaí cógaisíochta agus bithleighis is mó sa tír lonnaithe. Is suímh straitéiseacha iad Gaeltachtaí na Gaillimhe agus Chorcaí mar sin, le gnó dá mhacasamhail a bhunú.  
 
Chun eolas a fháil ar an chineál tacaíochta airgeadais atá ar fáil cliceáil anseo.
   
 



Cláraigh le haghaidh ríomhphoist
Faigh an nuacht is déanaí ó Údarás na Gaeltachta, liostáil dár nuachtlitir leictreonach anseo.
Déan fiosrúchán
Mura féidir leat an t-eolas atá uait a aimsiú ar ár suíomh gréasáin, seol fiosrúchán chugainn ar ríomhphost.
Nuacht