An bhfuil suim agat gnó ceardaíochta/ealaíona a bhunú nó a fhorbairt sa Ghaeltacht? Tugtar eolas anseo maidir leis na dreasachtaí airgeadais atá ar fáil ón Údarás.
Tá traidisiún fada ceardaíochta ag an Ghaeltacht agus tá na healaíona traidisiúnta agus comhaimseartha ina gcuid dhílis de shaol an phobail.
Tá sé mar sprioc ag an Údarás fás agus forás na réimsí seo a chothú agus a spreagadh trí scéimeanna éagsúla tacaíochta.
Maidir leis na healaíona, cuirtear tacaíocht ar fáil d’ealaíontóirí agus do thionscnaimh ealaíne trí scéim fhorbairt na nEalaíon agus scéim na bpríomhréimsí atá á maoiniú ag Ealaíon na Gaeltachta Teo , comhlacht atá cómhaoinithe ag Údarás na Gaeltachta agus An Chomhairle Ealaíon
Cuirtear tacaíocht ar fáil do thionscadail cheardaíochta agus ealaíne chomh maith trí ghnáthscéimeanna deontais an Údarás.