An bhfuil suim agat gnó a bhunú nó a fhorbairt san earnáil bia sa Ghaeltacht? Tugtar eolas anseo maidir leis na dreasachtaí airgeadais atá ar fáil ón Údarás.
Tá an earnáil bia ar an earnáil dhúchasach is mó in Éirinn agus tá sé fíorthábhachtach d’eacnamaíocht na tíre.
Is earnáil an-láidir í seo sa Ghaeltacht chomh maith agus tá cuid de na brandaí bia is mó aitheanta sa tír i mbun gnó ann. Ina measc tá fiontair idir bheag agus mhór ar nós próiseáil éisc agus sliogéisc, táirgeadh smailceanna, déantús subha, bácúis agus déantús seacláidí.
Aithníonn an tÚdarás poitéinseal fáis na hearnála seo agus ba mhaith linn tuilleadh forbartha a chothú i ngach réimse ach go speisialta trí tháirgí bia breisluacha, táirgí nuálacha agus táirgí atá margadh-dhírithe.