Féadfaidh Údarás na Gaeltachta tacaíocht a chur ar fáil do ghnólachtaí incháilithe a mbeadh ar intinn acu gnó a thosú nó a fhorbairt sa Ghaeltacht.
Ina measc:
Ina measc:
- Aitreabh Gnó: tá spás oibre, foirgnimh agus oifigí ar fáil ar shuímh faoi leith nó taobh istigh de pháirceanna tionsclaíocha gnó. D’fhéadfaí cúnamh a chur ar fáil chomh maith le haghaidh cóiríocht saintógtha.
- Earcaíocht agus oiliúint: cúnamh maidir le roghnú, earcú agus oiliúint foirne. D’fhéadfaí cúnamh a sholáthar do chuideachtaí beaga chomh maith chun oiliúint a chur ar fáil i gcúrsaí bainistíochta.
- Tacaíocht le gnó a bhunú: treoir ó Fheidhmeannaigh in Údarás na Gaeltachta a bhfuil a lán taithí acu. Bíonn comhairle agus treoir dlí ar fáil chomh maith.
Más mian leat a fháil amach an bhfuil tú incháilithe maidir leo, líon isteach an fhoirm iarratais chuí nó seol sonraí faoin ngnó atá beartaithe chuig fiontar@udaras.ie.