Critéir/Incháilitheacht
Baile » Forbairt ghnó » Critéir/Incháilitheacht
Critéir/Incháilitheacht
Tugtar eolas anseo ar an gcaoi ar féidir cúnamh airgid a fháil ó Údarás na Gaeltachta
 
Cuireann Údarás na Gaeltachta cúnamh airgid ar fáil do réimse leathan gnóthaí ar mhaithe le fostaíocht agus seirbhísí a sholáthar do phobal na Gaeltachta.
 
Braitheann incháilitheacht agus leibhéal tacaíochta aon iarratas ar shuíomh tíreolaíoch, leibhéal scileanna, an earnáil atá i gceist agus féidearthachtaí fostaíochta an tionscadail.
 
Déantar gach togra gnó a mheas ar bhonn aonarach. Ní mór do gach togra gnó a inmharthanacht, maoiniú agus poitéinseal margaíochta a léiriú, agus a thaispeáint go bhfuil an saineolas bainistíochta agus teicniúil cuí ar fáil chun an tionscal nó an tseirbhís nua a bhunú ar bhonn seasmhach. 

Iarratais
Ní mór gach iarratas ar dheontas a dhéanamh, agus cead i scríbhinn a fháil ó Údarás na Gaeltachta sula gcuirtear tús leis an tionscadal ábharthach (nó aon chuid de). Ba chóir plean gnó a chur chuig an Údarás chun an togra a mheas.
 
Le treoirlínte a fháil faoi conas plean gnó a ullmhú, cliceáil anseo
 
Is leis an Údarás cinneadh a dhéanamh i ngach cás aonarach faoi cé acu an gceadófar nó nach gceadófar deontas.  
Tá na leibhéil deontais do thionscadail ghnó phríobháideacha á rialú ag treoirlínte cúnaimh stáit an Aontais Eorpaigh ach amháin i gcás tograí pobail nach mbíonn tionchar acu ar an margadh oscailte agus tograí áirithe eile atá ag feidhmiú sa gheilleagar sóisialta. Caithfidh gach gnólacht a dtugann Údarás na Gaeltachta tacaíocht dó geallúint a thabhairt an Ghaeilge a chur chun cinn agus a fhorbairt ina chuid imeachtaí. Aithníonn an tÚdarás an ról ríthábhachtach atá ag na gnólachtaí seo i gcothú agus i gcothabháil na Gaeilge mar theanga an lucht oibre agus mar theanga phobail.
 
Cuireann an tÚdarás tacaíocht phraiticiúil agus seirbhísí comhairleacha ar fáil mar thacaíocht do phleananna teanga inchomhlachta.
Cláraigh le haghaidh ríomhphoist
Faigh an nuacht is déanaí ó Údarás na Gaeltachta, liostáil dár nuachtlitir leictreonach anseo.
Déan fiosrúchán
Mura féidir leat an t-eolas atá uait a aimsiú ar ár suíomh gréasáin, seol fiosrúchán chugainn ar ríomhphost.
Nuacht