Cuireann Údarás na Gaeltachta cúnamh i bhfoirm deontas caipitil nó fostaíochta ar fáil d’fhiontair atá ag tabhairt faoi infheistíocht chéad uaire sa Ghaeltacht.
Áirítear na tionscnaimh seo a leanas i réimsí gnó ar leith mar fhiontair a mbíonn infheistíocht chéad uaire i gceist leo:
Éadáil na sócmhainní caipitil atá nasctha go díreach leis an bhfiontar, i gcás gur dhún an fiontar síos nó go mbeadh sé tar éis dúnadh síos murar ceannaíodh é, agus ceannaíonn infheisteoir neamhspleách na sócmhainní. Ní hinfheistíocht tosaigh atá i gceist murar tharla ach éadáil ar scaireanna an ghnóthais.
Bunú fiontar nua
Leathnú ar fhiontar atá ann
Fiontar ag tabhairt faoi threo eile le táirgí nó seirbhísí breise
Athrú bunúsach ar phróiseas táirgíochta gnó atá ann
Glacadh seilbh ar acmhainní dochta fhiontar i gcúinsí áirithe.
Éadáil na sócmhainní caipitil atá nasctha go díreach leis an bhfiontar, i gcás gur dhún an fiontar síos nó go mbeadh sé tar éis dúnadh síos murar ceannaíodh é, agus ceannaíonn infheisteoir neamhspleách na sócmhainní. Ní hinfheistíocht tosaigh atá i gceist murar tharla ach éadáil ar scaireanna an ghnóthais.
Is féidir deontas caipitil a íoc i gcás ina bhfuil infheistíocht aon uaire á déanamh i sócmhainní dochta nó neamhábhartha.
Is féidir gur maoin mar suíomh, foirgneamh gnó nó innealra agus gléasra a bheadh i gceist le sócmhainní dochta agus gur aistriú teicneolaíochta, paitinn, ceadúnais nó eolas teicniúil gan phaitinn a bheadh i gceist le sócmhainní neamhábhartha.
Chun foirm iarratais ar dheontas chaipitil a íoslódáil, cliceáil anseo
Chun foirm iarratais ar dheontas chaipitil a íoslódáil, cliceáil anseo