Cúnamh airgid
De Minimis
Foráil ar leith de chuid an Aontais Eorpaigh atá sa riail de Minimis faoina dtugtar cead rialacha cúnaimh stáit a shárú faoi réir nach sáraíonn an cúnamh iomlán faoin riail d’aon iarratasóir ar leith, cibé eagraíochtaí stáit óna dtagann an cúnamh, €200,000 in aon tréimhse 3 bliana airgeadais. Chun deontas a mholadh faoin riail caithfear é a mholadh faoi cheann nó níos mó de na scéimeanna atá ceadaithe don Údarás a fheidhmiú ach a lua go bhfuil sé á mholadh faoin riail de Minimis agus ag cloí leis na coinníollacha agus próiseas atá leagtha síos dó.
 
Is fiú a nótáil nach féidir an fhoráil de Minimis a úsáid d’earnálacha na buntáirgíochta ar a n-áirítear táirgí talmhaíochta, iascaigh agus uisceshaothraithe. Baineann uasmhéid €100,000 leis an bhforáil d’fhiontar san earnáil iompair.
Cláraigh le haghaidh ríomhphoist
Faigh an nuacht is déanaí ó Údarás na Gaeltachta, liostáil dár nuachtlitir leictreonach anseo.
Déan fiosrúchán
Mura féidir leat an t-eolas atá uait a aimsiú ar ár suíomh gréasáin, seol fiosrúchán chugainn ar ríomhphost.
Nuacht