Is féidir leis an Údarás réimse de dhreasachtaí airgid i bhfoirm deontais a chur ar fáil chun freastal ar riachtanais éagsúla do ghnólachtsa.
Tá cúnamh ar fáil do raon leathan gnólachtaí sna réimse seo:
-
Seirbhísí Trádála Idirnáisiúnta
-
TFC (Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide)
-
Innealtóireacht & Déantúsaíocht
-
Eolaíochtaí beatha
-
Closamharc agus na Meáin Dhigiteacha
-
Próiseáil bia
-
Feirmeoireacht/Próiseáil éisc/Uisceshaothrú
-
Turasóireacht
-
Na hEalaíona agus ceardaíocht.
Déantar gach togra gnó a mheas ar bhonn aonarach. Tógtar san áireamh nithe ar nós suíomh tíreolaíoch, cineál gnólachta, poitéinseal fostaíochta, agus leibhéil scileanna na bhfostaithe mar chuid den mheasúnú.
Ní mór do gach togra gnó a inmharthanacht, maoiniú agus poitéinseal margaíochta a léiriú, agus a thaispeáint go bhfuil an saineolas bainistíochta agus teicniúil cuí ar fáil chun an tionscal nó an tseirbhís nua a bhunú ar bhonn seasmhach.
Ní mór gach iarratas ar dheontas a dhéanamh, agus cead i scríbhinn a fháil ó Údarás na Gaeltachta sula gcuirtear tús leis an tionscadal ábharthach (nó aon chuid de). Ba chóir plean gnó a chur chuig an Údarás chun an togra a mheas.
Le treoirlínte a fháil faoi conas plean gnó a ullmhú, cliceáil
anseo.
Caithfidh gach gnólacht a dtugann Údarás na Gaeltachta tacaíocht dó geallúint a thabhairt an Ghaeilge a chur chun cinn agus a fhorbairt ina chuid imeachtaí. Aithníonn an tÚdarás an ról ríthábhachtach atá ag na gnólachtaí seo i gcothú agus i gcothabháil na Gaeilge mar theanga an lucht oibre agus mar theanga phobail.
Cuireann an tÚdarás tacaíocht phraiticiúil agus seirbhísí comhairleacha ar fáil mar thacaíocht do phleananna teanga inchomhlachta.