Tá iliomad cúiseanna dearfacha le do ghnólacht a lonnú i gceantar Gaeltachta.
Tá an fórsa saothair againn Tá an daonra is mó fáis san Aontas Eorpach ag Éirinn. Tá fórsa saothair óg againn, a bhfuil scileanna agus caighdeán ard oideachais acu. Déanann os cionn leath de mhic léinn tríú leibhéal staidéar ar ghnó, ar theicneolaíocht nó ar ábhair a bhaineann le ríomhaireacht.
Táimid tiomanta Tá timpeallacht fhabhrach oibre i leith an ghnó agus i leith na tionsclaíochta cruthaithe a bhuíochas leis an dearcadh dearfach a bhí ag Rialtais i ndiaidh a chéile maidir le cúrsaí gnó. Gearrtar cáin chorparáide ag uasráta 12.5% ar an tionscal déantúsaíochta. Ní athrófar é seo roimh 2010, agus tá sé ráthaithe ag an Rialtas i gcomhaontú leis an gCoimisiún Eorpach.
Is féidir linn maoiniú a chur ar fáil Cuireann Údarás na Gaeltachta dreasacht tharraingteach airgid ar fáil do ghnólachtaí, idir ghnólachtaí nua agus ghnólachtaí forásacha. San áireamh anseo tá deontais do threalamh, don fhoirgníocht, don oiliúint agus don mhargaíocht. Cabhraíonn an tÚdarás le hinfheisteoirí ionchasacha ag gach céim agus iad ag cur gnó ar bun, idir shuíomh a aimsiú agus chabhair maidir le hearcú, le hoiliúint agus le riachtanais dhlíthiúla. Anuas air sin, cuireann an tÚdarás foirgnimh thionsclaíocha nua-aimseartha, oifigí agus suímh ar fáil.
Tá bealach isteach chuig an Eoraip againn Mar bhall den AE ó 1973, cuireann Éire geilleagar agus bonneagar seanbhunaithe agus seasmhach ar fáil. Leis sin, tá seirbhísí den chéad scoth sa tír seo agus bealach isteach gan taraif chuig margadh ollmhór an Aontais Eorpaigh, ina bhfuil beagnach 500 milliún duine.
Tá na gnólachtaí anseo Bíonn rath ar mheascán d’earnálacha nua-aimseartha agus de thionscail thraidisiúnta sa Ghaeltacht, agus tá rogha déanta ag réimse leathan gnólachtaí lonnú anseo cheana féin. Ar na gnólachtaí sin, tá:

- Seirbhísí intrádála domhanda
- Eolaíocht bheatha
- Deantúsaíocht nideoige
- Innealtóireacht
- TFC
- Meáin chlosamhairc agus dhigiteacha
- Teicstílí agus éadaí ardfhaiseanta
- Próiseáil bia
- Feirmeoireacht/próiseáil éisc
- Turasóireacht
- Ealaíona agus Ceardaíocht.
Tá a n-áit féin aimsithe sa Ghaeltacht ag gnólachtaí de gach cineál, idir thionscail bheaga cheardaíochta agus chomhlachtaí a bhfuil na céadta fostaithe iontu. Tagann na gnólachtaí seo ó thíortha éagsúla, mar shampla:
- An Bheilg
- Ceanada
- An Fhionlainn
- An Fhrainc
- An Ghearmáin
- An Iorua
- An Ríocht Aontaithe
- Stáit Aontaithe Mheiriceá.