Struchtúr na heagraíochta
Treasa Uí Lorcáin
Treasa Uí Lorcáin
Cheap an tAire Treasa Uí Lorcáin ar bhord Údarás na Gaeltachta i mí Dheireadh Fómhair 2005 agus athceapadh í do thréimhse 3 bliana in Aibreán 2010.
 
Is í Treasa an riarthóir ar Áras Mháirtín Uí Chadhain in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, ar an gCeathrú Rua. B'oide bunscoile a bhí inti roimhe sin. Tá MA sa Phleanáil Teanga bainte amach aici. Ta sí mar bhall de Bhord Stiúrtha agus de Bhord Acadúil an Acadaimh, OÉ Gaillimh. Tá Treasa ina rúnaí ar an Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Teo agus tá sí gníomhach i roinnt grúpaí pobal-bhunaithe.
 
Bunaithe ar threoir ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe (2011) maidir le híocaíocht táillí le seirbhísigh phoiblí atá mar chomhaltaí de bhoird stáit, ní íoctar táille leis an gComhalta seo.
 
Seoladh Poist:
Baile an tSléibhe
Ros an Mhíl
Baile na hAbhann
Co. na Gaillimhe
Cláraigh le haghaidh ríomhphoist
Faigh an nuacht is déanaí ó Údarás na Gaeltachta, liostáil dár nuachtlitir leictreonach anseo.
Déan fiosrúchán
Mura féidir leat an t-eolas atá uait a aimsiú ar ár suíomh gréasáin, seol fiosrúchán chugainn ar ríomhphost.
Nuacht