Toghadh Seán Ó Tuairisg ar bhord Údarás na Gaeltachta i 1999 don chéad uair. Faoin reachtaíocht mar a leasaíodh in 2010 baineann tréimhse nach faide ná 7 mbliana agus 6 mhí ó Aibreán 2005 lena théarma reatha.
Is as Gaeltacht Chorr na Móna, Co. na Gaillimhe é Seán ó dhúchas agus tá sé ina chónaí in Indreabhán, Co na Gaillimhe le blianta. Is iar-leasphríomhoide ar Choláiste Cholmcille, Indreabhán é. Tá roinnt téacsleabhar iarbhunoideachais scríofa aige i nGaeilge agus i mBéarla.
Is comhairleoir é ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus tá sé ina bhall den Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.
Tá táille chaighdeánach bhliantúil do Chomhalta den Údarás, €11,970, a íoc leis.
Seoladh Poist:
Aille Thiar
Indreabhán
Co na Gaillimhe
Indreabhán
Co na Gaillimhe