Is é Liam Ó Cuinneagáin atá mar chathaoirleach ar Údarás na Gaeltachta. Cheap an tAire ina chathaoirleach é i mí Feabhra 2002. Athcheapadh ina chathaoirleach é do thréimhse 5 bliana in Aibreán 2005 agus arís do thréimhse 3 bliana in Aibreán 2010.
Tá cáil agus aithne leitheadach ar Liam mar stiúrthóir ar Oideas Gael, i nGleann Cholm Cille, eagras a bunaíodh i 1984 agus a eagraíonn cúrsaí teanga agus cultúir do dhaoine fásta. Is iar-chomhalta d’Fhoras na Gaeilge é fosta.
Tá táille chaighdeánach bhliantúil do Chathaoirleach ar Bhord Údarás na Gaeltachta, €20,520, a íoc leis.
Seoladh Poist:
Cluainte Cró
Gleann Cholm Cille
Co. Dhún na nGall
Gleann Cholm Cille
Co. Dhún na nGall