Struchtúr na heagraíochta
Connie Ní Fhatharta
Connie Ní Fhatharta
Toghadh Connie Ní Fhatharta ar bhord Údarás na Gaeltachta i 1994 don chéad uair. Faoin reachtaíocht mar a leasaíodh in 2010 baineann tréimhse nach faide ná 7 mbliana agus 6 mhí ó Aibreán 2005 lena téarma reatha.
 
Is múinteoir bunscoile í Connie. D'obair sí ar feadh roinnt blianta le Muintearas agus an Tionscadal Oideachais Ghaeltachta. Bhí sí ina comhairleoir ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe, áit ina raibh sí ina Cathaoirleach don bhliain 2000-2001.
 
Bunaithe ar threoir ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe (2011) maidir le híocaíocht táillí le seirbhísigh phoiblí atá mar chomhaltaí de bhoird stáit, ní íoctar táille leis an gComhalta seo.
 
Seoladh Poist:
Cladhnach
An Cheathrú Rua
Co na Gaillimhe
Cláraigh le haghaidh ríomhphoist
Faigh an nuacht is déanaí ó Údarás na Gaeltachta, liostáil dár nuachtlitir leictreonach anseo.
Déan fiosrúchán
Mura féidir leat an t-eolas atá uait a aimsiú ar ár suíomh gréasáin, seol fiosrúchán chugainn ar ríomhphost.
Nuacht