Cheap an tAire Cathy Ní Ghoill ar Bhord an Údaráis í sa bhliain 2000 agus athcheapadh í don dara tréimhse sa bhliain 2005 agus do thréimhse 3 bliana in Aibreán 2010.
Rugadh agus tógadh Cathy ar Inis Mór, Árainn. D’fhreastail sí ar Choláiste Tráchtála, Ráth Maonais, Baile Átha Cliath agus tá Dioplóma i bhForbairt Pobail aici ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá sí pósta agus beirt chlainne uirthi.
Tá Cathy ina Bainisteoir ar Chomharchumann Forbartha Árann Teo ó 1991 i leith. I rith na tréimhse sin, bhunaigh an Comharchumann líon mór tograí agus seirbhísí pobail faoina stiúir. Chaith sí tréimhse mar Chathaoirleach ar Chomhdháil Oileáin na hÉireann.
Tá táille chaighdeánach bhliantúil do Chomhalta den Údarás, €11,970, a íoc léi.
Seoladh Poist:
Comharchumann Forbartha Árann
Inis Mór
Árainn
Co. na Gaillimhe
Inis Mór
Árainn
Co. na Gaillimhe