Struchtúr na heagraíochta
Brian Ó Domhnaill
Brian Ó Domhnaill
Toghadh Brian Ó Domhnaill mar chomhalta ar Bhord Údarás na Gaeltachta don chéad uair i 1999. Faoin reachtaíocht mar a leasaíodh in 2010 baineann tréimhse nach faide ná 7 mbliana agus 6 mhí ó Aibreán 2005 le téarma comhalta thofa.
 
Tá Brian mar bhall de Sheanad Éireann ó ceapadh é ina sheanadóir in 2007. Ba Comhairleoir Contae é Brian Ó Domhnaill i nDún na nGall idir 2004 agus 2007. Rinne sé céim i mBainistíocht Teicneolaíochta Bia le Gnó in Ollscoil Uladh.
 
Bunaithe ar threoir ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe (2011) maidir le híocaíocht táillí le seirbhísigh phoiblí atá mar chomhaltaí de bhoird stáit, ní íoctar táille leis an gComhalta seo.
 
Seoladh Poist:
Gort a' Choirce
Co. Dhún na nGall
Cláraigh le haghaidh ríomhphoist
Faigh an nuacht is déanaí ó Údarás na Gaeltachta, liostáil dár nuachtlitir leictreonach anseo.
Déan fiosrúchán
Mura féidir leat an t-eolas atá uait a aimsiú ar ár suíomh gréasáin, seol fiosrúchán chugainn ar ríomhphost.
Nuacht