De réir Tuarascáil Bhliantúil agus Cuntais 2008 a d’fhoilsigh Údarás na Gaeltachta le gairid, d’éirigh leis an Údarás líon na bpost sa Ghaeltacht a choinneáil slán ainneoin gur iompaigh an aeráid eacnamaíochta chun donais sa dara leath den bhliain sin.
Léiríonn an tuarascáil gur cruthaíodh 1,269 post nua in 2008 agus gur ceadaíodh 1,024 post nua lánaimseartha le hinfheistíocht iomlán de €100m. Bhí 8,193 duine fostaithe i gcliant-chomhlachtaí de chuid an Údaráis ag deireadh 2008.
Ag tagairt do thorthaí na bliana seo caite agus don chúlú mór eacnamaíochta a tharla ó shin duit Cathaoirleach an Údaráis, Liam Ó Cuinneagáin, go raibh an tréimhse is deacra agus is dúshlánaí i stair an Údaráis curtha de ag an eagraíocht le bliain anuas.
“Bhí ábhar dóchais agus misnigh ag baint le torthaí 2008. Rinneadh dul chun cinn suntasach ó thaobh infheistíochta nua sna hearnálacha nua-aimseartha, bhog muid suas an dréimire breisluacha ó thaobh poist de agus gineadh líon suntasach poist trí fhiontraíocht shóisialta ag na comharchumainn, comhlachtaí pobalbhunaithe, agus tograí teangabhunaithe. Chomh maith leis sin tháinig feabhas mór ar infreastruchtúr na Gaeltachta a bhfuil tionchar mór aige ar ár ngníomhaíochtaí forbartha. D’ainneoin sin, chuir an t-athrú tobann san aeráid eacnamaíochta, na ciorruithe rialtais a d’eascair as sin agus an titim shubstaintiúil in ioncam na heagraíochta ó dhíolachán maoine srian an-docht ar fheidhmiú na heagraíochta. Dá thoradh sin, beidh sé an-deacair ag an Údarás a chuid spriocanna fostaíochta do 2009 a bhaint amach i rith na bliana seo”, a dúirt sé.
Chuir sé in iúl gurb é caomhnú na fostaíochta agus seirbhísí atá tábhactach don phobal an dúshlán is mó atá roimh an Údarás. “Déanfar é seo trí chaidreamh dlúth leis na comhlachtaí, na teagmhálacha infheistíochta a choinneáil beo, srian a choinneáil ar aon chonarthaí nua a chuirfeadh le dliteanais na heagraíochta agus ag an am céanna caithfimid an oiread agus is féidir de na tionscnaimh is tábhachtaí don phobal a choinneáil slán.”
Thagair sé do na cláir nua thacaíochta do chomhlachtaí (An Ciste um Forbairt Fiontair agus An Scéim Fóirdheontas Fostaíochta) atá tugtha chun cinn ag an Rialtas. Dúirt sé gur mhór an chuidiú iad agus go bhfuil tairbhe bainte cheana féin astu seo ag roinnt comhlachtaí Gaeltachta. Is é Fiontraíocht Éireann atá freagrach as na cláir seo ar bhonn náisiúnta agus tá an tÚdarás freagrach as na scéimeanna a riaradh sa Ghaeltacht. Treisíonn na scéimeanna seo an comhoibriú idir an tÚdarás, An Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, na heagrais forbartha agus comhlachtaí Gaeltachta a rinne iarratais faoin dá chlár.