ScéalEILE nuachtlitir
Baile » Eolas faoin Údarás » ScéalEILE nuachtlitir » Fáiltíonn an tÚdarás roimh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
10 Nollaig 2009 |Fáiltíonn an tÚdarás roimh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh fhoilsiú an dréacht Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a foilsíodh le déanaí. Leagann an straitéis amach an creat oibre tacaíoch agus na deiseanna a bhainfidh le húsáid agus eolas ar an Ghaeilge a mhéadú go suntasach sa Ghaeltacht agus lasmuigh dí i rith na 20 bliain seo romhainn agus na tosaíochtaí a roghnófar leis an aidhm sin a bhaint amach. 
 
Cé go bhfuil réimse cuimsitheach moltaí inti siad na cinn is suntasaí sa Straitéis ná na cinn a bhaineann leis an réimse oideachais agus le hÚdarás na Gaeltachta. Tá athstruchtúrú le déanamh ar an Údarás mar ghníomhaireacht náisiúnta Gaeilge agus moltar go n-athrófaí a ainm go hÚdarás na Gaeilge. Maidir le feidhmeanna reatha an Údaráis tá sé ráite sa cháipéis “nach bhfuil sé i gceist a mholadh go n-aistreofaí aon scéimeanna atá ann agus a fheidhmíonn Údarás na Gaeltachta nó an Roinn chuig Ranna nó gníomhaireachtaí eile, ach scrúdófar cláir eile a d’fhéadfadh an Roinn nó an tÚdarás a sheachadadh sa Ghaeltacht”.
 
Sa mhéid gur léir ón Straitéis go mbeidh Roinn agus Aire ar leith freagrach as an nGaeilge agus as an nGaeltacht, agus go bhfuil Údarás na Gaeltachta le leanúint ar aghaidh mar eagras forbartha na Gaeltachta (faoi pé ainm a chuirfear air) mar aon le feidhmeanna breise teanga ar bhonn náisiúnta, is ionann agus vóta muiníne an méid sin sna struchtúir reachtála atá ann, an tÚdarás san áireamh.
 
Tá an Straitéis le plé anois ag Comhchoiste an Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireacht, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta sula gcuirfear ar ais chuig an Rialtas í le glacadh léi mar Straitéis Rialtais. Is féidir le daoine aonaracha agus eagrais moltaí nó leasuithe a chur ar aghaidh chuig an gComhchoiste Oireachtais trína gcuid ionadaithe poiblí (Teachtaí Dála agus Seanadóirí).
 
Beidh an straitéis á plé ag an gcéad chruinniú eile de Bhord Údarás na Gaeltachta ar 11 Nollaig 2009.
Cláraigh le haghaidh ríomhphoist
Faigh an nuacht is déanaí ó Údarás na Gaeltachta, liostáil dár nuachtlitir leictreonach anseo.
Déan fiosrúchán
Mura féidir leat an t-eolas atá uait a aimsiú ar ár suíomh gréasáin, seol fiosrúchán chugainn ar ríomhphost.
Nuacht