Le gairid anuas d’fhógair an tÚdarás go mbeidh 58 post nua le cruthú i gcomhlachtaí i nGaeltacht na Gaillimhe agus Chiarraí.
Tá Bioniche Pharma in Indreabhán, i gConamara chun 25 post nua a chruthú sna 3 bliana seo romhainn in ionad nua taighde agus forbartha cógaisíochta a osclaíodh in aice le hionad déantúsaíochta an chomhlachta le gairid. Is é Údarás na Gaeltachta a d’fhorbair an t-ionad nua taighde ar chostas €2.5 milliún.
Is sainchomhlacht cógaisíochta lánchomhtháite é Bioniche Pharma a tháirgeann táirgí in-insteallta. Tá díolacháin ag an gcomhlacht in os cionn 50 tír ar fud an domhain agus tá 160 duine fostaithe aige in Indreabhán. Éascóidh an áis nua taighde agus forbartha cógaisíochta seo na tionscnaimh taighde agus fhorbartha atá sa phíblíne ag an gcomhlacht.
Ag labhairt dó ag an oscailt oifigiúil, dúirt Damien Kelly, Príomhoifigeach Airgeadais Bioniche Pharma, “Is léargas é an fhorbairt agus an infheistíocht seo atá déanta i dTaighde agus Forbairt ar ár dtiomantas leanúnach tógáil ar ár réimse táirgí agus is céim mhór é a chinnteoidh go dtiocfaidh fás ár ngnó agus ar fhostaíocht i gceantar na Gaillimhe sa todhchaí.”
Dúirt Liam Ó Cuinneagáin, Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta go raibh an tÚdarás an-sásta a bheith ábalta an fhorbairt ar ghníomhaíochtaí Taighde agus Forbartha an chomhlachta i nGaeltacht Chonamara a éascú. “Tá na deiseanna fostaíochta ardchaighdeáin a chruthóidh an infheistíocht stáit seo thar a bheith tábhachtach don cheantar agus láidreoidh sé fréamhacha an chomhlachta i ngeilleagar na hÉireann agus go háirithe sa Ghaeltacht. Is dea-shampla é an togra seo ar an mbealach a n-oibríonn an tÚdarás lena chliaint-chomhlachtaí le tacú leo a ngnó a leathnú agus a fhorbairt.”
C go D: Damien Kelly, Príomh Oifigeach Airgeadais, Bioniche Pharma Group; Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach, Údarás na Gaeltachta; Liam Ó Cuinneagáin, Cathaoirleach, Údarás na Gaeltachta; Claire Downes, Eolaí Foirmlithe (Formulation Scientist), Bioniche Pharma Group agus Jack McGinley, Comhpháirtí Bunaitheacht, RoundTable Healthcare Partners
Sa Daingean cruthófar 33 post lán-aimseartha thar na trí bliana atá romhainn i gcomh-fhiontar nua idir McGivern Flynn & Co agus an t-aonad Éireannach den IFG Group plc.
Lárionad tacaíochta agus seirbhísí a bheidh san fhiontar seo, a bhfuil tacaíocht á fháil aige ó Údarás na Gaeltachta, agus a chuirfidh raon leathan de phacáistí árachais ar fáil do chustaiméirí ar fud na hÉireann.
Beidh an fiontar i mbun gnó faoi mhí Eanáir 2010 agus táthar i mbun earcaíochta faoi láthair. Beidh cúigear fostaithe ag an tús agus leanfar den earcú de réir mar a mhéadaíonn an gnó.
Ag labhairt dó ag preas ócáid a tionóladh sa Daingean i mí na Samhna, tráth gur fógraíodh an fiontar nua seo, dúirt Barry Darmody, Bainisteoir Stiúrtha, Rannóg Maoine IFG “Cé go ndíreoidh an gnó ar dtús ar chliant atá ann cheana féin laistigh de ghréasán IFG, tá súil againn go mbeidh ar ár gcumas tairiscintí den saghas céanna a ofráil do chliaint sheachtracha de réir mar a leathnóidh muid an gnó. Roghnaíomar an Daingean mar go raibh muid thar a bheith tógtha leis na háiseanna a bhí ar fáil i bPáirc Ghnó Údarás na Gaeltachta, agus an líon saothair oilte a bhí ar fáil sa cheantar.”
Dúirt Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta gur dea-shampla é an fiontar seo den straitéis forbartha atá ag an Údarás díriú ar an earnáil seirbhísí nua-aimseartha chun poist a chruthú sa Ghaeltacht. “Tá líon agus caighdeán na bpost a chruthóidh an fiontar seo thar a bheith tábhachtach do Chorca Dhuibhne agus taispeánann an cinneadh a rinne an dá chomhlacht seo a bhfiontar nua a lonnú sa Daingean an mhuinín atá acu i gcumas an cheantair a gcuid riachtanais foirne, teileachumarsáide agus infreastruchtúr a shásamh.
C go D: Séamus Mac Gearailt agus Breandán Mac Gearailt, Comhaltaí de Bhord Údarás na Gaeltachta; Éamonn Ó Neachtain, Bainisteoir Réigiúnach, Údarás na Gaeltachta; Hugh McGivern, McGivern Flynn; Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach, Údarás na Gaeltachta agus Barry Darmody, Stiúrthóir Bainistíochta, Rannóg Maoine IFG