Tugtar breac-chuntas anseo ar na cearta dlíthiúla atá agat faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, 1997 agus 2003. Ba cheart iarratais ar eolas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise a chur chuig an Oifigeach um Shaoráil Faisnéise
Tá sonraí iomlána ar fáil anseo i leabhar Tagartha Alt 15
Saoráil Faisnéise
Oifig an Choimisinéara Faisnéise
http://www.oic.gov.ie
http://www.oic.gov.ie
Na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, 1997 agus 2003
Tháinig an tAcht um Shaoráil Faisnéise 1997 i bhfeidhm ar an 21 Aibreán 1998 agus tugadh isteach cearta dlí do dhaoine lena n-áirítear an ceart
- chun rochtain a fháil ar thaifid oifigiúla atá i seilbh Ranna Rialtais agus comhlachtaí poiblí liostaithe eile,
- chun faisnéis phearsanta a bhaineann leo a cheartú nó a thabhairt cothrom le dáta nuair a bhíonn an t-eolas sin neamhiomlán, mícheart nó míthreorach, agus
- chun na cúiseanna a bhaineann le gníomhartha comhlachtaí poiblí, a théann i gcion orthu, a fháil.
Iarratas a Dhéanamh
Is ceart iarratais i dtaca le Saoráil Faisnéise a sheoladh i scríbhinn chuig an Oifigeach um Shaoráil Faisnéise, Údarás na Gaeltachta, Na Forbacha, Co. na Gaillimhe. Tá sonraí maidir le táillí ar fáil sa Leabhar Tagartha Alt 15.
Is ceart a lua san iarratas go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoi na hAchtanna Shaoráil Faisnéise.
NÓTA:
Tá ceangal ar Údarás na Gaeltachta admháil go bhfuarthas iarratas faoin Acht a thabhairt laistigh de 10 lá oibre agus tá oibleagáid air freagra a thabhairt ar an iarratas laistigh de 20 lá oibre.
Má tá faisnéis ag teastáil i bhfoirm áirithe (e.g. fótachóip, diosca ríomhaire, léamh i bpearsa etc.), is ceart sin a lua i d'iarratas.
Má tá faisnéis ag teastáil i bhfoirm áirithe (e.g. fótachóip, diosca ríomhaire, léamh i bpearsa etc.), is ceart sin a lua i d'iarratas.
- Tabhair an oiread faisnéise agus is féidir le do thoil lena chumasú d'fhoireann an taifead a aithint.