Tá nasc anseo thíos chuig Cód Iompair Údarás na Gaeltachta don bhord agus d'fhostaithe.
De réir mar atá leagtha síos sa Chód Cleachtais um Rialú Comhlachtaí Stáit a d’eisigh an Roinn Airgeadais sa bhliain 2001, tá cód iompair ag Údarás na Gaeltachta do chomhaltaí an bhoird agus do bhaill foirne. Chun amharc ar an leagan iomlán is déanaí lean an nasc ag deireadh an leathanaigh seo.
Achoimre ar an gcód iompair
An cuspóir atá leis an gcód ná a chinntiú go ndéanann an tÚdarás na nithe seo a leanas:
- Gníomhú de réir caighdeáin aitheanta eitice
-
Cothú agus caomhnú muiníne agus iontaoibh
- Féachaint le cleachtais neamheiticiúla a chosc agus a sheachaint.
Cuireann an cód iompair san áireamh na gnéithe a leagtar amach in Aguísín B den Chód Cleachtais um Rialú Comhlachtaí Stáit. Áiríonn sé nithe amhail dualgais agus dílseacht don Údarás, iontaobh agus coinbheart leasa a sheachaint, teorainn a chur le gníomhaíochtaí lasmuigh den Údarás, glacadh le bronntanais agus a bheith macánata in aon bheartaíocht; rochtain chóir chothrom ar eolas maille le meas a bheith ar rúndacht, dualgais reachtúla a chomhlíonadh, a chinntiú go bhfuil timpeallacht shásúil oibre agus sheachtrach ann, glacadh go cuí le freagracht, agus tiomantas d'athbhreithniú a dhéanamh ar an gcód de réir mar is iomchuí.
Ina theannta sin, caithfidh gach comhalta boird agus iad siúd a bhfuil post acu atá ainmnithe faoi na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí 1995 agus 2001 forálacha éagsúla iomchuí an Achta sin a chomhlíonadh. Tá forálacha maidir le nochtadh leasa leagtha síos in alt 12 den Acht um Údarás na Gaeltachta (Leasú) (Uimh 2), 1999, freisin.
Tá leagan iomlán dár gcód iompair ar fáil i nGaeilge.
Tá leagan iomlán dár gcód iompair ar fáil i nGaeilge.