Na meáin
Baile » Eolas faoin Údarás » Na meáin » Preaseisiúintí » 2010 » Gorlann Ghnó Bia le ligean ag Cé Mhachaire Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
20 Aibreán 2010 |Gorlann Ghnó Bia le ligean ag Cé Mhachaire Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
Tá gorlann ghnó bia atá saintógtha ag Údarás na Gaeltachta don earnáil bia ag Cé Mhachaire Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall ar fáil ar chíos íseal dóibh siúd gur spéis leo dul i mbun gnó táirgeadh bia. Tá trí aonad sa ghorlann faoi láthair agus táthar ag súil go mbeidh dhá cheann eile ar fáil in 2011.
 
Tá na haonaid atá sa ghorlann ar ardchaighdeán don earnáil bia agus ag braith ar riachtanais an fhiontraí, tá réimse de threalamh éagsúil ar fáil chomh maith.
 
Chun dul i mbun gnó bia, tá a lán coinníollacha agus rialacha go gcaithfear cloí leo de réir na dtreoirlínte éagsúla atá leagtha síos ag an Seirbhís Sláinte, an tÚdarás Sláinte Bia agus a leithéide agus de thoradh na ngorlainne nua seo, tá deis iontach ar fáil do dhaoine atá lonnaithe sa réigiún tús a chur lena ngnó bia féin.
 
Tá spás oifige ar fáil freisin le roinnt i measc na dtionóntaí éagsúla agus amach anseo beidh seomra oiliúna/traenála ar fáil chomh maith.

Eolas breise agus bróisiúr anseo.
 
 
Críoch
Cláraigh le haghaidh ríomhphoist
Faigh an nuacht is déanaí ó Údarás na Gaeltachta, liostáil dár nuachtlitir leictreonach anseo.
Déan fiosrúchán
Mura féidir leat an t-eolas atá uait a aimsiú ar ár suíomh gréasáin, seol fiosrúchán chugainn ar ríomhphost.
Nuacht