Na meáin
Baile » Eolas faoin Údarás » Na meáin » Preaseisiúintí » Cartlann » 2011 » Cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta - Nollaig 2011
09 Nollaig 2011 |Cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta - Nollaig 2011
Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta sna Forbacha inniu (9 Nollaig) tugadh tuairisc don Bhord faoi sholáthar airgid an Údaráis ón Stát, ó fhoinsí eile agus óna fhoinsí féin do 2012. Beidh soláthar €18.8m in iomlán ar fáil ón Stát do na buiséid chaipitil agus reatha, ísliú 4% ar an bhliain roimhe. Beidh buiséad caipitil na heagraíochta, a dhíríonn ar chruthú fostaíochta, idir soláthar ón Stát agus teacht isteach óna fhoinsí féin (measta), de c.€12m ar fáil. Tá seo gar don méid a bhí ar fáil don eagraíocht in 2011.
 
Phléigh an Bord an scrúdú atá déanta ar an Údarás le bliain anuas faoina fheidhmeanna agus chumhachtaí agus mar a d’éirigh leis an Údarás teacht slán as an phróiseas sin. D’aontaigh an Bord gur vóta muiníne é seo san Údarás agus san obair atá ar siúl aige i gcruthú agus i gcaomhnú fostaíochta, an ról lárnach atá aige i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge sa Ghaeltacht agus i gcur chun cinn cúrsaí forbartha pobail, sóisialta agus cultúrtha sa Ghaeltacht.
 
Pléadh chomh maith próiseas ceapacháin príomhfheidhmeannach don eagraíocht agus táthar ag súil go mbeidh deis ann an ceapachán seo a dhéanamh go luath sa bhliain úr;  luadh an tábhacht atá le daonlathas an Bhoird a choinneáil agus treisíodh go bhféadfadh toghchán an Údaráis a bheith ann le linn toghcháin Comhairlí Contae nó reifreann le laghdú a dhéanamh ar chostais agus tá súil ag an Údarás é seo a phlé leis an Aire;  agus glacadh le moladh a cuireadh os comhair an Bhoird gur chóir go bhfágfaidh oifig an Choimisinéara Teanga sa Ghaeltacht agus nach laghdófaí ar aon slí cúraimí na hoifige sin.
 
Críoch
Cláraigh le haghaidh ríomhphoist
Faigh an nuacht is déanaí ó Údarás na Gaeltachta, liostáil dár nuachtlitir leictreonach anseo.
Déan fiosrúchán
Mura féidir leat an t-eolas atá uait a aimsiú ar ár suíomh gréasáin, seol fiosrúchán chugainn ar ríomhphost.
Nuacht