Na meáin
2010
Luach €900 míle de dheontais agus 70 post nua ceadaithe ag an Údarás | 26 Iúil 2010
Ag cruinniú de Bhord an Údaráis sna Forbacha inniu (23 Iúil) ceadaíodh luach €900 míle de dheontais agus 70 post nua do thograí Gaeltachta.
An Chéad Chruinniú idir Bord an Údaráis agus An tAire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta | 26 Iúil 2010
Ag an gcéad chruinniú idir Bord an Údaráis agus an tAire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, Pádraig Ó Ciardha sna Forbacha inniu, chuir comhaltaí an Údaráis in iúl go láidir don Aire go raibh sé fíorthábhachtach go bhfágfaí an fheidhm fiontair ag an Údarás nuair a dhéanfar athstruchtúrú ar an eagraíocht de thoradh na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge atá ar na bacáin. 
Áis nua táirgeachta á oscailt i mBaile na Finne - 7 bPost Nua le cruthú | 12 Iúil 2010
D’oscail comhlacht Chathail Ó Cnáimhsí (Charles Bonner & Sons Ltd) as Bealach Féich, áis nua táirgeachta agus cóimeála ar Eastát Tionscail Údarás na Gaeltachta i mBaile na Finne, Co. Dhún na nGall inniu (12 Iúil 2010).
An Chéad Ionad Traenála Ola agus Gáis Easchósta Oscailte ar an Fhál Carrach - Infheistíocht Bhreise de €500, 000 beartaithe – Líon Post le Fás go 25 | 09 Iúil 2010
D’oscail An Tánaiste agus An tAire Oideachais agus Scileanna, Máire Ní Chochlainn T.D. an chéad ionad oiliúna saintógtha in Éirinn ina gcuirtear cúrsaí traenála creidiúnaithe ar fáil don tionscal ola agus gáis easchósta go hoifigiúil inniu (Aoine, 9 Iúil).
€1.9 milliún bronnta ag an ESA (Gníomhaireacht Spáis na hEorpa) ar ÉireComposites i gConarthaí Taighde agus Forbartha | 28 Meitheamh 2010
Tá sé fógartha ag ÉireComposites Teo, comhlacht as Gaeltacht na Gaillimhe, inniu go bhfuil €1.9 milliún bronnta ag Gníomhaireacht Spáis na hEorpa (European Space Agency) ar an gcomhlacht i gconarthaí Taighde agus Forbartha, chun teicneolaíochtaí ilchodach éadrom a tháirgeadh do lainseálaí spáis agus struchtúir satailíte todhchaíoch.
Forbairt shuntasach déanta i nGaillimh ag HID Global, príomhfhorbróir pasanna leictreonacha | 06 Bealtaine 2010
D’fhógair HID Global inniu go bhfuil ardú de 22% ar an líon poist atá sa chomhlacht atá acu i gConamara. Soláthraíonn HID Global réitigh slán-aitheantais agus tá cheanncheathrú an chomhlachta lonnaithe i gCalifornia.
Gorlann Ghnó Bia le ligean ag Cé Mhachaire Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall | 20 Aibreán 2010
Tá gorlann ghnó bia atá saintógtha ag Údarás na Gaeltachta don earnáil bia ag Cé Mhachaire Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall ar fáil ar chíos íseal dóibh siúd gur spéis leo dul i mbun gnó táirgeadh bia.
€7 milliún le caitheamh sa Ghaeltacht i mbliana faoin Scéim Sóisialta Tuaithe | 16 Aibreán 2010
Tá athnuachan déanta ar an Scéim Sóisialta Tuaithe sa Ghaeltacht don bhliain amach romhainn. Is fiú €7 milliún an scéim seo don Ghaeltacht agus is é seo an 7ú bliain den scéim.
Ionad Nua Oscailte ag Independent Irish Health Foods Ltd i mBaile Bhuirne, Co. Chorcaí | 22 Márta 2010
Osclaíodh ionad nua Independent Irish Health Foods Ltd ar Pháirc Ghnó Údarás na Gaeltachta i mBaile Bhuirne Dé Sathairn 20 Márta.
Os cionn €2 mhilliún ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta d'eagrais phobail Ghaeltachta - Connacht Laighean | 04 Márta 2010
Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta ar an Aoine seo caite, deimhníodh go bhfuil soláthar €2,085,000 ceadaithe d’eagrais phobail na Gaeltachta do 2010 le tacú leo a bpleananna oibre a chur i bhfeidhm.
Cláraigh le haghaidh ríomhphoist
Faigh an nuacht is déanaí ó Údarás na Gaeltachta, liostáil dár nuachtlitir leictreonach anseo.
Déan fiosrúchán
Mura féidir leat an t-eolas atá uait a aimsiú ar ár suíomh gréasáin, seol fiosrúchán chugainn ar ríomhphost.
Nuacht