Na meáin
Baile » Eolas faoin Údarás » Na meáin » Fíricí gasta
Fíricí gasta
Seo a leanas roinnt fíricí a bhaineann le hÚdarás na Gaeltachta.
 
        Ceantair Ghaeltachta na hÉireann
Clúdaíonn an Ghaeltacht codanna leathana de chontaetha Dhún na nGall, Mhaigh Eo, Ghaillimh agus Chiarraí – iad uile ar an gcósta thiar – chomh maith le codanna de chontaetha Chorcaí, na Mí agus Phort Láirge.
 
        Céard is brí le Gaeltacht?
Úsáidtear an téarma ‘Gaeltacht’ chun na ceantair sin in Éirinn ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga an phobail, a chur in iúl.
  
        Daonra na Gaeltachta
Is é daonra iomlán na Gaeltachta ná 95,503 (Daonáireamh 2006). Tá thart ar 14,304 den daonra seo ina gcónaí laistigh de bhruachbhailte nua chathair na Gaillimhe. Seo a leanas briseadh síos dhaonra na Gaeltachta de réir ceantar (Daonáireamh 2006).
 
 
Dún na nGall
23,783
Maigh Eo
10,868
Gaillimh
45,052
Ciarraí
8,695
Corcaigh
3,803
Port Láirge
1,632
An Mhí
1,670
Iomlán
95,503
 
 
          Foinse: An Phríomhoifig Staidreamh 2006.
 
 
 
 
        Údarás na Gaeltachta
Is é Údarás na Gaeltachta an t-údarás forbartha réigiúnach atá maoinithe ag an Rialtas chun forbairt eacnamaíochta, shóisialta agus chultúrtha na Gaeltachta a chur chun cinn. Tá sé mar mhóraidhm aige an Ghaeilge a chothú mar theanga phobail an réigiúin. Bunaíodh an tÚdarás i 1980 faoi Acht Údarás na Gaeltachta, 1979, agus tá sé ag tógáil ar obair a réamhtheachtaí Gaeltarra Éireann (1957-1979). 
 
 
 
        Bord Údarás na Gaeltachta
Tá fiche comhalta ar bhord an Údaráis, seacht nduine dhéag acu tofa go daonlathach ag toghthóirí na Gaeltachta i dtoghcháin a bhíonn ar siúl gach cúig bliana. Tá an triúr eile, an cathaoirleach san áireamh, ainmnithe ag an Rialtas ar mholadh ón Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
 
 
 
 
 
        Príomhfheidhmeannach
Is é Seán Ó Labhraí an Príomhfheidhmeannach Gníomhach ar Údarás na Gaeltachta faoi láthair.
 
 
 
        Líon daoine fostaithe i gcliant-tionscadail de chuid an Údaráis (deireadh 2011)
Ag deireadh 2010, bhí 6,970 duine fosaithe go lánaimseartha.

 
 
         Briseadh síos ar fhostaíocht lánaimseartha de réir an cheantair Ghaeltachta (deireadh 2011)
 
Dún na nGall
1,876
Maigh Eo
675
Gaillimh
2,745
Ciarraí
730
Corcaigh
633
Port Láirge
121
An Mhí
190
Iomlán
6,970
 
 
 
         Fostaíocht de réir earnála (deireadh 2011)
 
Acmhainní Nádúrtha
433
Bia
1,008
Déantúsaíocht Eile
1,512
Éadach/Teicstíl
273
Innealtóireacht
739
Seirbhísí
3,005
Iomlán
6,970
Cláraigh le haghaidh ríomhphoist
Faigh an nuacht is déanaí ó Údarás na Gaeltachta, liostáil dár nuachtlitir leictreonach anseo.
Déan fiosrúchán
Mura féidir leat an t-eolas atá uait a aimsiú ar ár suíomh gréasáin, seol fiosrúchán chugainn ar ríomhphost.
Nuacht