Cás-staidéir
Baile » Eolas faoin Údarás » Cás-staidéir » Tacaíocht á thabhairt do shainchomhlacht cógaisíochta i gContae na Gaillimhe
Tacaíocht á thabhairt do shainchomhlacht cógaisíochta i gContae na Gaillimhe
Ainm an Chomhlachta 
Bioniche Teoranta.
 
Suíomh
Coill Rua, Indreabhán, Co. na Gaillimhe.
 
Deontas
Deontais chaipitil, infheistíocht scairshealbhóireachta.
 
Dátaí
Tacaíocht leanúnach ó 1988.
 
Tionscadal
Tá Bioniche Teoranta ina fhochomhlacht den Bioniche Pharma Group, sainchomhlacht cógaisíochta atá páirteach i bhforbairt, i dtáirgeadh agus i margaíocht tairgí steiriúla so‑insteallta agus cógaíosíochtaí eile. Tá na cearta acu i leith Suplasyn®, ceannaire margaidh san Eoraip chun pian san alt a laghdú, agus chun soghluaiseacht a mhéadú. Bunaíodh Bioniche Teoranta i 1988 in Eastát Tionsclaíochta an Údaráis sa Choill Rua, Indreabhán, Co. na Gaillimhe. I dtosach, léasáil Bioniche Teoranta foirgneamh de chuid an Údaráis, foirgneamh atá ceannaithe acu ó shin. Is scairshealbhóir sa chomhlacht é an tÚdarás, agus tacaíonn siad le Bioniche ó thionscnamh go tionscnamh. An tacaíocht is déanaí a thug an tÚdarás ná an cúnamh a thug siad sa bhliain 2004 chun ionad déantúsaíochta a thógáil.
 
Torthaí
Deir Damien Kelly, Príomhoifigeach Airgeadais Bioniche Teoranta: “Dar linn, is comhlacht forbartha an‑tacúil agus an‑phragmatach é an tÚdarás, agus cuireann siad an‑spéis i ngnó a fhorbairt sa cheantar seo.”
 
Ionchas
Déanfaidh Bioniche Teoranta tuilleadh forbartha ar a dtáirgí, agus gnó a thabhairt chuig Gaeltacht Chois Fharraige. Féach www.bioniche.com
Cláraigh le haghaidh ríomhphoist
Faigh an nuacht is déanaí ó Údarás na Gaeltachta, liostáil dár nuachtlitir leictreonach anseo.
Déan fiosrúchán
Mura féidir leat an t-eolas atá uait a aimsiú ar ár suíomh gréasáin, seol fiosrúchán chugainn ar ríomhphost.
Nuacht