Cás-staidéir
Baile » Eolas faoin Údarás » Cás-staidéir » Próiseáil Éisc i nDún na nGall
Próiseáil Éisc i nDún na nGall
Ainm an Chomhlachta 
Earagail Éisc Teoranta, Errigal Fish Company Ltd.
 
Suíomh
Mín na Aoire, An Charraig, Co Dhún na nGall.
 
Deontas
Taighde agus forbairt; deontais oiliúna agus trealaimh; deontais chaipitil.
 
Dátaí
Tacaíocht leanúnach ó 1972.
 
Tionscadal
Is comhlacht próiseála éisc é Earagail Éisc Teo a ullmhaíonn maicréail, gúgáin agus scadáin do mhargaí domhanda, agus tá sé ar cheann de na comhlachtaí próiseála portáin is mó san Eoraip. Díoltar na hearraí seo le tíortha Eorpacha, leis an gCóiré agus leis an tSeapáin, agus tá bonn custaiméirí tiomanta de níos mó ná daichead comhlacht bia i 26 tír ag an gcomhlacht.
Ó bunaíodh an comhlacht i 1972, tá caidreamh leanúnach aige le hÚdarás na Gaeltachta. Is mórscairshealbhóir den chomhlacht é an tÚdarás, a chuir cúnamh ar fáil i bhfoirm deontais oiliúna agus trealaimh, chomh maith le léas a íoc ar fhoirgneamh próiseála sliogáin sa Charraig.
 
Torthaí
Tá an‑áthas ar Aodh Ó Domhnaill, stiúrthóir bainistíochta Earagail Éisc Teo, le páirtíocht an Údaráis. Tá an pháirtíocht seo riachtanach do rath an chomhlachta, dar leis. Tá sé ag súil go leanfar leis an bpáirtíocht seo.
 
Ionchas
Leanfaidh Earagail Éisc Teo ag forbairt a dtáirgí lena bhfoireann acmhainne inmheánach, agus déanfaidh siad a margaí a leathnú. Féach www.errigalfish.com
Cláraigh le haghaidh ríomhphoist
Faigh an nuacht is déanaí ó Údarás na Gaeltachta, liostáil dár nuachtlitir leictreonach anseo.
Déan fiosrúchán
Mura féidir leat an t-eolas atá uait a aimsiú ar ár suíomh gréasáin, seol fiosrúchán chugainn ar ríomhphost.
Nuacht