Cás-staidéir
Baile » Eolas faoin Údarás » Cás-staidéir » Páirteanna comhdhlúite miotail a tháirgeadh do thionscail na tógála agus na deántúsaíochta gluaisteáin
Páirteanna comhdhlúite miotail a tháirgeadh do thionscail na tógála agus na deántúsaíochta gluaisteáin
Ainm an Chomhlachta 
Faisc Miotal Teo, Irish Pressings.
 
Suíomh
Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair, Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall.
 
Deontas
Staidéar féidearthachta, deontais chaipitil, deontais fostaíochta.
 
Dátaí
Tacaíocht leanúnach ó 2005.
 
Tionscadal
Tá taithí fiche bliain mar innealtóirí sinsearacha le Kirchhof Automotive ag na deartháireacha Declan agus Brendan Ward. Sa bhliain 2005 shocraigh siad a ngnólacht féin a bhunú chun páirteanna comhdhlúite miotail a tháirgeadh do thionscail na tógála agus na déantúsaíochta gluaisteáin. I ndiaidh dóibh staidéar féidearthachta a dhéanamh, a bhí urraithe ag an Údarás, chuaigh siad i mbun oibre sa bhliain 2006 i monarcha a chuir an tÚdarás ar fáil i bPáirc Ghnó Ghaoth Dobhair. Tá seachtar fostaithe ag an gcomhlacht, a chuireann ballacheangail, crocha giarsa agus páirteanna eile ar fáil don tionscadal tógála ar fud na tíre.
 
Torthaí
Deir Declan Ward, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Faisc Miotal: “Is mór an cúnamh é Údarás na Gaeltachta idir chúnamh airgid agus chomhairle. Nílimid ach ag tosú, ach tá seachtar fostaithe againn, agus tá bonn láidir custaiméirí againn.”
 
Ionchas
Tá córas téimh glas curtha isteach ag Faisc Miotal sa mhonarcha le déanaí. Féachann Údarás na Gaeltachta air seo mar threoirthionscadal, agus is féidir go gcuirfear córais téimh ghlasa i bhfoirgnimh eile de chuid an Údaráis dá bharr. Tá plean trí bliana os comhair Faisc Miotal, agus tá siad ag súil le 24 duine a fhostú agus páirteanna a chur ar fáil do thionscal gluaisteáin an Ríocht Aontaithe faoi dheireadh an phlean seo. Féach www.irishpressings.com
Cláraigh le haghaidh ríomhphoist
Faigh an nuacht is déanaí ó Údarás na Gaeltachta, liostáil dár nuachtlitir leictreonach anseo.
Déan fiosrúchán
Mura féidir leat an t-eolas atá uait a aimsiú ar ár suíomh gréasáin, seol fiosrúchán chugainn ar ríomhphost.
Nuacht