Ainm an Chomhlachta
Iasc de Brún (IASC) Teo.
Suíomh
Corca Dhuibhne, Baile na Buaile, An Daingean, Co Chiarraí.
Deontas
Deontais chaipitil, Taighde agus Forbairt.
Dátaí
Tacaíocht leanúnach ó 1985.
Tionscadal
Bunaíodh Iasc de Brún i 1985 mar chomhlacht próiseála éisc le portán agus bradán deataithe mar speisialtacht acu. Le teacht na mílaoise nua, cuireadh dúshlán nua os a gcomhair – ní raibh cead fáil réidh le dramhaíl ó phróiseáil éisc san fharraige nó i líonadh talún de réir dlíthe an Aontais Eorpaigh agus de réir na reachtaíochta náisiúnta comhshaoil. Le cúnamh ón Dr Henry Lyons i dTrá Lí, rinne siad an dramhaíl a mheascadh le coirt chun oiriúntóir ithreach a dhéanamh. Rinneadh é a thástáil i ngalfchúrsa Bhaile an Bhuinneánaigh, agus léirigh torthaí na tástála seo go raibh múirín den chéad scoth cruthaithe acu. Tá Iasc de Brún ag glacadh le horduithe anois ó Éirinn agus ón Ríocht Aontaithe.
Thug an tÚdarás tacaíocht d’Iasc de Brún ó bunaíodh é, le deontais éagsúla agus le foirgneamh a léasú. Don tionscnamh seo an mhúirín, thug an tÚdarás tacaíocht i leith taighde agus i leith forbartha, agus cuireadh le méid na monarchan.
Torthaí
Deir Tadhg de Brún, bunaitheoir Iasc de Brún: “Ní bheimis anseo gan an tÚdarás. Ní féidir luach a chur ar a dtacaíocht. Ach tá ag éirí thar cionn linn anois, agus le dhá bhliain anuas cheannaíomar an foirgneamh a raibh léas á íoc againn leis Údarás air roimhe sin.
Ionchas
Le tacaíocht ón Údarás, tá Iasc de Brún ag cur barr feabhais ar an múirín, ag laghdú na gcostas a bhaineann leis, agus ag forbairt tuilleadh leasachán órgánach don talmhaíocht. Is tionscnamh é a thosaigh mar chlár athchúrsála dramhaíola, ach atá anois ina thionscal eile ar fad.