Cad a dhéanann Údarás na Gaeltachta
Baile » Eolas faoin Údarás » Cad a dhéanann Údarás na Gaeltachta
Cad a dhéanann Údarás na Gaeltachta
Bunaíodh Údarás na Gaeltachta sa bhliain 1980. Tá an ghníomhaireacht Stáit seo freagrach as forbairt eacnamaíochta, shóisialta agus chultúrtha na Gaeltachta.
   
Is é caomhnú agus láidriú na Gaeilge mar theanga bheo, le cois í a thabhairt mar oidhreacht don chéad ghlúin eile, an bunchuspóir atá le polasaí Údarás na Gaeltachta. Déanann bord rialaithe ar a bhfuil 20 comhalta, 17 acu tofa go daonlathach ag muintir na Gaeltachta, agus foireann 96 duine, sainchúram forbartha na gníomhaireachta a chur i bhfeidhm. 

An Cuspóir Eacnamaíochta
Meallann an tÚdarás infheistíocht chuig an Ghaeltacht agus baineann sé é seo amach ach réimse dreasachtaí a chur ar fáil d’fhiontair nua agus tacaíocht agus cúnamh a chur ar fáil do ghnólachtaí atá ar bun cheana féin.

Cuidíonn an eagraíocht le gnólachtaí agus iad ag forbairt margaí, teicneolaíochtaí, táirgí agus comhaontais straitéiseacha nua trí mheán an taighde agus na forbartha. Feidhmíonn na cuideachtaí atá lonnaithe sa Ghaeltacht i raon leathan earnálacha tráchtála - ina measc, an turasóireacht, próiseáil éisc agus dobharshaothrú, fuinneamh in-athnuaite, bia, na heolaíochtaí saoil, Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide,  déantúsaíocht nideoige, cúrsaí closamhairc agus na meáin dhigiteacha, an ealaín agus ceardaíocht.

Tá os cionn 12,000 duine fostaithe i gcliantchuideachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta. Tá an tÚdarás ag féachaint le cur leis an líon sin ach cuidiú le muintir na Gaeltachta a gcuid scileanna agus saineolais a fhorbairt. Bíonn cláir fhairsinge oiliúna agus oideachais á dtairiscint ag an Údarás do ghrúpaí, do dhaoine aonair agus do chuideachtaí. 

An Cuspóir Cultúrtha
Tá caomhnú agus cur chun cinn na Gaeilge ag croílár ghníomhaíochtaí uile na heagraíochta. Cuireann an tÚdarás maoiniú ar fáil le haghaidh réimse de ghníomhaíochtaí straitéiseacha teanga agus cultúrtha chomh maith le tacú leis an teanga trí ghnásanna na heagraíochta féin.
Oibríonn an tÚdarás i gcomhar le daoine aonair, le grúpaí pobail agus le cuideachtaí a chumhdaíonn an Ghaeilge agus a chuireann na gnáth-thimpeallachtaí ar fáil ina dtagann an teanga i mbláth a maitheasa. Cuidíonn an tÚdarás le roinnt gníomhaíochtaí teanga, ina measc:

  • Naíonraí Gaeilge
  • Cúrsaí tríú leibhéal i nGaeilge
  • Tionscnaimh chun an Ghaeilge a chur chun cinn ag an obair
  • Ionaid foghlama teanga bunaithe sa phobal

An Cuspóir Sóisialta
Déanann an tÚdarás freastal ar chomharchumainn phobail agus ar chuideachtaí forbartha pobail sa Ghaeltacht. Spreagtar chomh maith na heagraíochtaí deonacha a chuireann an chomhairle, an cúnamh agus an chabhair airgid ar fáil a thacaíonn leis na grúpaí pobail sin.
Chomh maith leis sin, oibríonn an tÚdarás go dlúth le grúpaí pobail chun scéimeanna fostaíochta sóisialta a riar, clubanna óige agus grúpaí réamhscoile a bhainistiú, agus cur leis an mbonneagar sóisialta ach gníomhaíochtaí cúnaimh a chur ar fáil dóibh siúd atá aosta nó faoi mhíbhuntáiste.

Cláraigh le haghaidh ríomhphoist
Faigh an nuacht is déanaí ó Údarás na Gaeltachta, liostáil dár nuachtlitir leictreonach anseo.
Déan fiosrúchán
Mura féidir leat an t-eolas atá uait a aimsiú ar ár suíomh gréasáin, seol fiosrúchán chugainn ar ríomhphost.
Nuacht